Tá foirne deisiúcháin ag obair ó mhaidin leis an soláthar leictreachais a chur ar ais chuig na 8,000 atá fós gan chumhacht de bharr Stoirm Bram inné.
Bhí súil ag Bord Soláthair an Leictreachais meastucháin a thabhairt ar maidin faoin am a thógfadh sé an obair sin a chur i gcrích. Na contaethe ba mhó a bhí buailte iad Corcaigh, Tiobraid Árann, Loch Garman, Luimneach agus Cill Dara.
An uair ba mheasa a bhí ann inné é nuair a bhí 54,000 custaiméir gan leictreachas.
Tá an chomhlacht fós ag cur fainic ar dhaoine faoi línte leictreachais atá titithe agus ag iarraidh ar na bpobal iad a chur ar an eolas futhu.
Tá súil ag Aerfort Átha Cliath bheith ar oscailt inniu tar éis do breis agus 100 eitilt bheith curtha ar ceal inné, ach tá seans ann fós go gcuirfear as do roinnt sceideal de bharr na stoirme.
Tá Iarnród Éireann á rá go bhfuil sceideal iomlán na seibhísí iarnróid i bhfeidhm inniu.
Tá moill agus sceideal nua ar roinnt seirbhísí bád farantóireachta de bharr Stoirm Bran, agus is é an chomhairle do phaisinéirí dul i dteagmháil leis an comhlachtaí sula dtosaíonn siad ag taisteal.
D'fhág an stoirm fuarlaigh i roinnt áiteanna, go háírithe i ndeisceart agus in oirdheisceart na tíre mar ar tháinig an stoirm i dtír ar dtús.
Leanfaidh ceathanna gaofara agus roinnt toirní i dtuaisceart na tíre inniu, ach beidh an chuid eile den tír tirm le tréimhsí gréine den chuid is mó.


