Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Plean Infheistíochta Cosanta €1.7bn an Aire Chosanta Mc Entee

11 NOLLAIG 2025, 09:54

X Facebook

Nochtóidh an tAire Cosanta Helen McEntee inniu plean infheistíochta ar fiú €1.7 mbilliún é, idir seo agus 2030.

An aidmh atá leis an gcaiteachas seo, a deir an Rialtas, é uasdátú na bhFórsaí Cosanta agus cur le acmhainn chostanta an Stáit ar tír, ar muir, san aer agus i cibéar-réimsí.

Ceann de na bearta is lárnaí den thionscnamh seo é an Clár Radar Míleata, a rachfar ina bhun an bhliain seo chugainn.

Cúirfear na milliún euro go leataobh le teicneolaíocht fhrith-dhróin a fháil, rud atá i mbéal an phobail ón eachtra drón gar do chosán eitilte Uachtarán Volodymyr Zelensky na hÚcráine agus é ag teacht ar cuairt ar Eirinn le gairid.

Ceannófar freisin tuilleadh ingearán don Air Corps chomh maith le heitleáin atá in ann foirne agus gléasra a iompar ar thurais fhadha.

Tá súil freisin uasdátú suntasach a dhéanamh ar acmhainn fhomara an tSlua Mhuirí chomh maith lena thuilleadh maoinithe a dhéanamh ar fhlít armúrtha an Airm

Tá súil go ndéarfaidh an tAire McEntee go léiríonn an plean tiomántas le cosaint an Stáit a neartú i bhfianaise na n-athruithe sa timpeallacht gheopholaitiúil ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin.

Ag an am céanna, beidh an tAire Leanaí, Éagumais agus Comhionannais Norma Foley ag cur an dlaoi mullaigh ar Phlean Gnímh na Luathbhlianta, a fhoilseofar an tseachtain seo chugainn.

Beidh bearta ann a mhéadóidh an líon áiteanna luathbhlianta, a laghdaíonn costaisí ar thuismitheoirí agus a chuireann le caighdeáin na hearnlála.

Tá súil go mbeidh san áireamh sa phlean gnímh méadú ar an teora ioncaim don Scéim Náisiúnta Chúram Leanaí, atá fágtha gan athrú ó 2019.

Faoi láthair is féidir le teaghlaigh fordheontais iomlána faoin Scéim má tá a n-ioncam faoi bhun €26,000. Faigheann siad leibhéal céimnithe fordheontais má tá a n-ioncam idir €26,000 agus €60,000.

Tiocfaidh an t-ardú ar na teorainneacha ioncaim mí Mheán Fómhair 2026, agus súil do dtitfidh billí chúram leanaí na mílte teaghlach ar ioncaim níos ísle.