Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cur is cúiteamh faoi chosaint Eorpach a thabhairt don Ghaeilge

28 NOLLAIG 2025, 07:42

An tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i 1993, Michael D Higgins
X Facebook

Chinn an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i 1993 droim láimhe a thabhairt do mhianta na n-eagraíochtaí Gaeilge agus mhol sé don Rialtas gan an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a shíniú.

Tá meamram a chuir an tAire Michael D Higgins faoi bhráid an rialtais ar an ábhar ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta faoin Riail 30 Bliain. Moladh sa mheamram nach síneodh an rialtas an Chairt ach go gcuirfí brú ar Rialtas na Breataine é a shíniú chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart.

An tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i 1993, Michael D Higgins

Réitigh grúpa saineolaithe ó thíortha éagsúla Chomhairle na hEorpa an Chairt agus glacadh leis an téacs ag cruinniú a bhí ag toscairí na nAirí an 24 Meitheamh, 1992. Thug an Chairt cosaint áirithe do theangacha neamhfhorleathana ar fud na hEorpa.

Chuir an tAire Higgins meamram os comhair an rialtais an 3 Feabhra 1993 faoin Chairt agus mhol sé go láidir nach ndaingneofaí é. Ghlac sé leis go mbeadh conspóid ag baint leis an chinneadh seo go háirithe i measc díograiseoirí teanga. De réir Alt a 3 den Chairt thiocfadh le stát téarmaí na cairte a chur i bhfeidhm i gcás 'teanga oifigiúil' de chuid na tíre sin nach mbeadh á labhairt go coitianta. Tarraingíodh aird an rialtais ar an Alt seo ach dúradh nach mbeadh aon cheann de na hoibleagáidí sa chairt ag teacht salach ar pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge.

Michael D

Ní raibh aon dlí sa tír ag an am, áfach, a chuirfeadh dualgas ar an Stát i leith cearta cainteoirí teanga (níor achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtí an bhliain 2003) agus bhí an tAire Higgins buartha go ndéanfadh eagraíochtaí idirnáisiúnta cáineadh ar Éirinn mar gheall air seo, dá síneofaí an chairt:

"At present, however, ‘the rights’ of those wishing to conduct their business with the State through Irish are very often not satisfied. This situation would be open to international criticism once Ireland became a party to the Charter. It would be necessary for each Department, if ratification of the Charter was to be recommended, to examine its structures and work practices in order to ensure that it would be in a position to implement fully the obligations imposed by the Charter."

Bhí gealltanas tugtha i gClár an Rialtais (1993-97) go gcinnteoidís go dtiocfadh feabhas ar na seirbhísí a bheadh ar fáil sa Stát trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach. Cé nach mbeadh oibleagáidí breise i gceist ó thaobh an Stáit leis an phobal dá síneofaí an Chairt, mheas an tAire Higgins go mbeadh sé thar a bheith suntasach i súile gníomhaithe teanga ar dhá chúis:

1. Bheadh léargas tugtha ag an Stát i gcáipéis dlíthiúil i dtaca leis na hoibleagáidí a bheadh orthu i leith na Gaeilge agus

2. Mura gcloífí leis na hoibleagáidí sin bheadh deis ag pobal na Gaeilge gearán a dhéanamh chuig an Choiste Saineolaithe a bhí ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm na Cairte. Níor ghlac Michael D Higgins leis an tuairim go gcuideodh sé le stádas na Gaeilge sa Tuaisceart dá síneodh Rialtas na hÉireann an Chairt. Níor ghlac sé leis ach oiread go ndéanfaí damáiste do sheasamh na teanga sa Tuaisceart mura síneodh an Rialtas an Chairt:

"This argument is not well-founded," a dúirt sé.

Cé go raibh éileamh ag an Stát seo i leith an Tuaiscirt (Alt 2 agus a 3 de Bhunreacht na h Éireann), mheas an tAire Higgins go raibh sé ríshoiléir nach bhféadfadh an Chairt ceangal a chur ar an Stát ó thaobh cearta teanga ó thuaidh:

"Benefit to Irish in the North of Ireland can only come from the Charter if it is signed and ratified by the U.K."

Mhaígh an tAire Higgins mar sin gur cheart don Rialtas tréan dícheall a dhéanamh a chur ina luí ar Rialtas na Breataine an chairt a shíniú i dtaca leis an Ghaeilge sna sé chontae:

"Indeed it could be argued that if both countries were to sign and ratify the Charter in respect of the Irish language it could be interpreted as a significant downgrading of Irish in this part of the country as, in the context of the Charter, two contracting States would be giving equal recognition to the language although its status in Northern Ireland at present is much less than is the case in this part of Ireland," a dúradh sa mheamram a cuireadh faoi bhráid an rialtais.

Mheas Michael D Higgins nach ar leas na Gaeilge a bheadh sé an Chairt a shíniú. Bhí an-bhéim sa Chairt ar chosaint a thabhairt do theangacha réigiúnacha agus do mhionteangacha.

Ní teanga réigiúnach í an Ghaeilge, a mhaígh sé ("to do so would be to ‘ghettoise’ it as applicable to the Gaeltacht areas only").

Lena chois sin, cé gur cinnte nach raibh an Ghaeilge á labhairt go forleathan bhainfí go mór dá stádas mar an teanga náisiúnta agus mar chéad teanga oifigiúil an Stáit dá ndéanfaí í a rangú mar ‘mhionteanga.’ Dá n-áireodh an Stát an Ghaeilge mar theanga a bheadh ar comhchéim le teangacha réigiúnacha nó mionlaigh, d'fhéadfaí a chur i leith an Rialtais go raibh sé ag laghdú ar a thiomantas maidir le cur chun cinn na teanga. Thabharfaí a thuilleadh armlóin do dhaoine a bhí in éadan thacaíocht an Stáit don teanga agus a a bhí ag iarraidh go laghdófaí an tacaíocht sin, a maíodh sa Mheamram. Bhí cúis eile fosta gur mhol Michael D Higgins don Rialtas gan an Chairt a shíniú. B’í an Ghaeilge an t-aon teanga oifigiúil de chuid ballstáit den Chomhphobal Eorpaigh nach raibh stádas aici mar theanga oibre.

De réir mar a bheadh an Comhphobal ag fás mheas sé go mbeadh deiseanna eile ann chun stádas oibre a bhaint amach don Ghaeilge. Bhí sé ríthábhachtach, dar leis, nach ndéanfadh Éire aon ní i 1993 a chuirfeadh isteach ar ár gcuid seansanna stádas ní b’airde a fháil lá níos faide anonn. Sa chomhthéacs sin, thiocfadh go ndéanfaí damáiste do stádas na Gaeilge dá n-áireofaí í ar comhchéim le teangacha réigiúnacha nó le mionteangacha eile.

In ainneoin gur mheas sé go dtarraingeodh an cinneadh go leor conspóide, mhol an tAire Higgins don Rialtas gan an Chairt a shíniú: "The reasons for not signing, while most important, are somewhat intangible dealing as they do with the image and perception of the Irish language both at home and in the European context, and the effects thereon of its association with a Charter dealing primarily with regional and minority languages."

Ghlac an Chomh-Aireacht le moladh an Aire Higgins gan an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a shíniú nó a dhaingniú. Shínigh an Ríocht Aontaithe an Chairt an 2 Márta 2000.

Tugadh stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge in Eanáir na bliana 2007.