Bhí imní ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha breis is tríocha bliain ó shin go ndéanfadh Aontachtaithe baghcat ar dhaonáireamh an Tuaiscirt dá mbeadh ceist faoi labhairt na Gaeilge ar na foirmeacha.
D'iarr an eagraíocht Celtic League ar an rialtas ag deireadh na 1980í go n-iarrfaí ar rialtas na Breataine ceist a chur faoi labhairt na Gaeilge i ndaonáireamh na bliana 1991.
"Leis an méid mór eisimirce go Sasana ó na tíortha Ceilteacha go léir caithfidh go bhfuil mionlaigh thábhachtacha teangan anois ann agus ba mhaith an rud é dá mbeadh staitistic oifigiúil ann faoi staid an eolais ar na teangacha le fáil," a scríobh Tomás Scott, Rúnaí Chraobh na hÉireann den Chonradh chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha Brian Lenihan an 11 Feabhra 1988.
D'iarr an Celtic League ar an Aire Lenihan dul i gcomhairle le hOifig Thuaisceart Éireann chun go mbeadh ceist faoin Ghaeilge i ndaonáireamh an Tuaiscirt.
"Measaimid go dtugann an tAontas Angla-Éireannach faill anois brú a chur ar Oifig Thuaisceart Éireann faoin cheist seo toisc an tuiscint nua don 'dá thraidisiún' agus gach a bhaineann leis," a scríobh Tomás Scott.
Sheol Ambasáid na hÉireann i Londain a cuid tuairimí faoin cheist chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha i Márta 1988. Dúradh go raibh ceist faoin Bhreatnais agus faoin Ghàidhlig ar na foirmeacha daonáirimh a dháiltear sa Bhreatain Bheag agus in Albain ach nach raibh sé i gceist na ceisteanna sin a chur ar dhaoine sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Insíodh don Aire gur beag seans go nglacfadh Rialtas na Breataine le moladh maidir le ceist faoin Ghaeilge a chur i ndaonáireamh 1991. Cé go bhféadfaí an argóint a dhéanamh go mbeadh ceist faoin Ghaeilge i ndaonáireamh an Tuaiscirt, dar leis an Ambasáid, bheadh baol mór ag baint leis.
"Because of the politicisation of the language in the North the risk of census boycott by Unionists should be a calculation," a comhairlíodh don Aire Lenihan.
I Meitheamh, 1988, sheol Rúnaí Príobháideach an Aire Gnóthaí Eachtracha freagra chuig Tomás Scott ar éileamh ón Celtic League.
"Maidir le Tuaisceart Éireann tá mé cinnte gur eol duit nach raibh ceist faoi labhairt na Gaeilge ar aon daonáireamh go n-uige seo. Is mór leis an Rialtas seasamh na Gaeilge sa Tuaisceart agus tá plé déanta ar an gceist seo faoi théarmaí an Chonartha Angla-Éireannaigh cheanna féin. Leanfaidh an Rialtas ag iarraidh cur le seasamh cultúrtha agus sóisialta na Gaeilge agus aitheantas dá réir a lorg di sa Tuaisceart," a dúradh.


