Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cáipéisí an Stáit: Cúig scéal ón Chartlann Náisiúnta

16 NOLLAIG 2025, 12:02

Cúig scéal ón Chartlann Náisiúnta
X Facebook

Cúig scéal ón Chartlann Náisiúnta

Neart bambú, torthaí agus bainne do Ming Ming agus Ping Ping!

Meastar gur thug tuairim is 350,000 duine cuairt ar Zú Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1986 chun na hollphandaí Ming Ming agus Ping Ping a fheiceáil. 100 lá a chaith siad in Éirinn ar chuairt dea-mhéine ó Phoblacht na Síne. Go deimhin d'éirigh chomh maith sin leo gur scríobh Ard Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha chuig Ambasáid na hÉireann i mBéising chun comhghairdeas a ghabháil leo as an turas a eagrú. Thug údaráis na Síne comhairle mhaith don zú sular tháinig na pandaí. "Fresh bamboo, fruits and milk will keep the Pandas smiling," a dúradh i bhfacs a seoladh an 2 Meitheamh, 1986.

Ach dhá bhliain níos deireanaí bhí eagla ar an zú gur bhásaigh Ping Ping mar thoradh ar thinneas nó ar ghortú a bhain dó le linn a chuairte go hÉirinn. D'iarr an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an Ambasáid an scéal a fhiosrú mar go raibh fostaithe an zú trína chéile faoi. D'iarr siad fosta go gcuirfí an tuairisc iarbháis ar fáil don Roinn. Fuair siad freagra pras ón Ambasáid a dúirt nach raibh Comhlachas Fiadhúlra na Síne ar an eolas faoina bhás.

Racht casachtaí an DUP agus an Ghaeilge sa Chomhthionól

Bhí áiseanna ateangaireachta i gComhthionól an Tuaiscirt ina ábhar imní don Rúnaíocht Angla-Éireannach i mBéal Feirste sa bhliain 1999. Sheol Gerard Keown eolas faoin cheist ar fhacs daingnithe chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha an 19 Eanáir, 1999. Tugadh faoi deara le linn díospóireachta i Stormont nach raibh aistriúchán comhuaineach ach ar fáil don Oifigeach Ceannais – is é sin Ceann Comhairle an Chomhthionóil, an Tiarna Alerdice, agus dá bheirt chléireach.

Bhí sé de chumhacht ag Coiste Comhairleach an Oifigigh Ceannais (CAPO) seirbhís aistriúcháin den chineál sin a chur ar fáil do bhaill an Chomhthionóil, rud nár tharla. Mar sin féin, mheas Gerard Keown go raibh laghdú tagtha ar an doicheall a bhí á léiriú ag polaiteoirí Aontachtacha nuair a labhraíodh an teanga sa Chomhthionól. Rinne sé cur síos, áfach, ar an racht casachtaí a tháinig ó bhinsí an DUP agus ón áiléar poiblí nuair a labhair an tAire Sláinte Bairbre de Brún as Gaeilge. Lena chois sin, rinne Gerry Adams tagairt i nGaeilge do David Trimble ach níor aistrigh sé an ráiteas go Béarla. B'éigean do Adams leithscéal a ghabháil leis nuair a ardaíodh an ráiteas mar phointe oird. Dúirt Keown fosta go nglacfadh cléirigh an Chomhthionóil le Tá agus Níl anois nuair a bheadh vótaí á gcaitheamh.

Leac Chuimhneacháin do Dev diúltaithe 'le toil an fhir fhéin'

Caoga bliain ó shin diúltaíodh do mholadh a rinne iarUachtarán na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh, go dtógfaí leac chuimhneacháin d'Éamon De Valera sa teach ina rugadh é i Nua-Eabhrac.

Mar thoradh ar chomhrá a bhí aige leis an Dálach, a bhí ina Phríomh-Bhreitheamh ag an am, scríobh an té a bhí i gceannas ar Bhord Turasóireachta na hÉireann i Nua-Eabhrac, Joseph Malone, chuig Ambasadóir na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe, Éamonn Kennedy, ag fiafraí an bhféadfaí an leac a thógáil. Ach is cosúil nach raibh an t-iarUachtarán De Valera iontach tógtha leis an smaoineamh nuair a luadh leis é sa bhliain 1972.

Chuir Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha nóta diamhair ar an chomhad a bhain leis an mholadh: "(fé rún go fóill) go bhfuil an scéim seo curtha ar athló sine die le toil an fhir fhéin."

Níor mhol an Roinn Gnóthaí Eachtracha go leanfaí leis an mholadh ar an bhonn gur leagadh an teach go talamh agus gur tógadh foirgneamh Chrysler sa bhloc céanna ó shin.

Space shuttle na Sionna

Shocraigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha le hAmbasáid Mheiriceá in Éirinn i 1995 go mbainfí úsáid as Aerfort na Sionna i gcás go mbeadh ar an spástointeálaí tuirlingt éigeandála a dhéanamh. Rinne an Ambasáid an t-iarratas i dtús ama ar an 14 Márta 1995. Bhí sé i gceist go dtiocfadh an spástointeálaí i dtír in aerfort sa Spáinn ach bhí Rialtas Mheiriceá ag iarraidh go mbeadh malairt aerfort ar fáil i gcás an héigeandála.

An 14 Meitheamh 1995 d'fhógair Mairéad Creed ón Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh teagmháil dhíreach déanta ag NASA le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann. "The theoretical situation has now become a practical issue," a scríobh sí. Scríobh an Roinn Gnóthaí Eachtracha chuig an Roinn Iompair ag rá go raibh dualgas dleathach ar an stát freagra dearfach a thabhairt ar an iarratas. Bheadh ar na húdaráis sa tSionainn plean éigeandála a chur le chéile ach dheimhnigh Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá ina n-iarratas foirmiúil go gcuirfidís cuidiú ar fáil ina leith. Dheimhnigh siad fosta go nglacfaidís freagracht dlí as aon damáiste a tharlódh mar thoradh ar an tuirlingt éigeandála. An 27 Meitheamh, 1995, d'fhág an spástointeálaí Atlantis Ionad Spáis Kennedy i Florida agus thuirling sé ar ais ar an domhan naoi lá níos deireanaí.

Cur is cúiteamh faoi uaigh Oscar Wilde

Lorg teaghlach an scríbhneora, Oscar Wilde, cuidiú ón Stát chun caoi a chur ar a uaigh i Reilig Pere Lachaise i bPáras. Bhí droch-chuma ar an uaigh agus rinneadh go leor loitiméireachta air sna blianta roimhe sin. Dúradh le garmhac Wilde, Merlin Holland, i 1990 nach mbeadh aon airgead ar fáil dó ach gur cheart impí ar an Fhrainc séadchomhartha náisiúnta a dhéanamh de. Thairg comhlacht ón Bheilg an uaigh a ghlanadh saor in aisce agus substaint cosanta phlaisteach a chur air. Ní raibh Holland ró-shásta leis an mholadh seo siocair gur cheart gur gnó de chuid rialtas na hÉireann a bheadh i nglanadh na huaighe, dar leis. Fógraíodh i 1991 gur séadchomhartha náisiúnta de chuid na Fraince a bheadh san uaigh ach go fóill féin bhí drogall ar an Ambasáid i bPáras géilleadh don teaghlach ar an bhonn gur dócha go leanfaí leis an ngraifítí agus leis an loitiméireacht san fhadtréimhse. Mar sin féin mhol an Roinn Gnóthaí Eachtracha go dtabharfaí deontas aon uaire £4000-£5000 chun tabhairt faoin obair ghlantacháin. Ach lean Holland ag lorg airgid chun an uaigh a ghlanadh ar bhonn rialta.

Ach chuir oifigigh na Roinne fainic ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, David Andrews: "any long term commitment might lead to requests for the restoration and maintenance of the graves of other famous Irish people who died abroad (e.g. the tombs of the Earls in Rome). At a time when the allocation for cultural relations is insufficient to meet the requests for financial assistance from our living artists, it is hard to see us taking on the dead ones as well," a scríobh oifigeach ó rannóg cultúir na Roinne chuig an Aire Andrews an 13 Aibreáin, 1992.

Thug an tAire le fios do Merlin Holland nach mbeadh airgead ar fáil leis an uaigh a ghlanadh ar bhonn rialta ach go n-amharcfaí go cúramach ar iarratais dá leithéid amach anseo.

* Craolfar an clár Siar 20 Bliain ar TG4 anocht ag 19.55