Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Aighneas faoi cheart slí i nGaoth Dobhair

28 NOLLAIG 2025, 07:43

Óstán Ghaoth Dobhair
X Facebook

Tá léargas úr ar fáil i gcomhaid rúnda an stáit faoi aighneas binbeach i gceantar Gaeltachta i nDún na nGall inar bheartaigh úinéir Óstán Ghaoth Dobhair galfchúrsa a thógáil ar an choimín agus cosc a chur ar cheart slí agus cearta innilte. Bhuaigh Hughie Tim Ó Baoill, úinéir an óstáin, an cás san Ard-Chúirt ach d'éirigh le 35 duine áitiúil ina n-achomharc in éadan an chinnidh sin. Tá a gcuid mionscríbhinní agus aighneachtaí ar fáil anois don phobal i gcomhad a scaoil Oifig an Ard-Aighne faoin Riail 30 Bliain.

Bhí sé i gceist ag Hughie Tim Ó Baoill galfchúrsa a thógáil sna tailte gar d'Óstán Ghaoth Dobhair ag tús na nóchaidí. Bhí iarratas pleanála déanta aige chun clubtheach a thógáil ach chuir go leor daoine áitiúla ina éadan mar gur chuir sé isteach ar a gcearta innilte agus ar a gcearta slí. Maíodh gur tionóntaí a bhí iontu ar ghabháltais gar don Dumhaigh.

Óstán Ghaoth Dobhair GV- Dune

Chuaigh go leor de na cearta seo siar go dtí deireadh na naoú haoise déag nuair a cheannaigh Coimisiún na Talún tailte an tiarna talún áitiúil, an Tiarna Hill.

Ghlac an Baoilleach cás chun na Cúirte Cuarda agus mhaígh sé go ndeachaigh cúigear tionóntaí ar an talamh gan chead agus go ndearna siad damáiste don obair a bhí ar bun chun an galfchúrsa a réiteach.

Óstán Ghaoth Dobhair- Hotel Gweedore-Document- Archive- Cartlann

Chomh maith leis sin, mhaígh sé go ndearna tuairim is cúig charr déag imshuí ar an talamh. Bhí sé ag lorg urghaire chúirte le stop a chur leis seo agus go gcúiteofaí an damáiste a rinneadh leis. B'é an t-abhcóide iomráiteach Michael Carson a bhí ag feidhmiú dó.

Óstán Ghaoth Dobhair- Hotel Gweedore

Ar an 1 Márta, 1994, rialaigh an Breitheamh David Sheehy (col ceathrar leis an iar-Aire Conor Cruise O'Brien) in éadan na dtionóntaí. Dheonaigh an breitheamh urghaire a chuir cosc ar na tionóntaí dul isteach san áit. Dúirt sé fosta nach raibh fianaise ar bith ann go raibh ceart slí poiblí ná príobháideach ann agus go raibh treaspás á dhéanamh ag na tionóntaí. Dúirt sé go raibh cearta áirithe innilte ann ag dul siar blianta fada ach gur faoi na tionóntaí a bheadh sé a chruthú, i gcomhar leis an Chláraitheoir Contae, gurb iadsan sliocht na ndaoine leis na cearta sin. Ach chuir sé teorainn leis na cearta innilte, is é sin cúig chaora dhéag san iomlán agus cosc ar innilt eallaigh. Dheonaigh sé costais le húinéir an óstáin.

B'é an t-abhcóide Michael Gray a bhí ag feidhmiú thar cionn na dtionóntaí ach cailleadh eisean i dtimpiste eitleáin i Muir Éireann i mí na Samhna 1994. Chuir na tionóntaí lena bhfoireann dlí roimh an timpiste sin nuair a cheap siad George Brady (an t-abhcóide ba iomráití sa tír ó thaobh dlíthe cothromais agus talún de) le hionadaíocht a dhéanamh orthu.

Tarraingíodh an tArd-Aighne, Eoghan Fitzsimons, isteach sa chás ó tharla go raibh leas an phobail i gceist. Tá comhad toirtiúil ar an ábhar curtha ar fáil anois ag an oifig sin faoin Riail 30 Bliain.

AG Eoghan Fitzsimons- Pic from Archive
An t-Ard Aighne Eoghan Fitzsimons

D'éist an Breitheamh Dermot Kinlen san Ard-Chúirt i mí Eanáir 1995 le hachomharc ó na tionóntaí agus tar éis cúpla lá fianaise agus croscheistiú dian, tháinig an dá thaobh ar shocrú.

Judge Dermot Kinlen- Pic from Archive
An Breitheamh Dermot Kinlen

Admhaíodh gur le Hughie Tim an talamh ach admhaíodh fosta go mbeadh cead innilte agus cearta slí ag na tionóntaí. Dheimhnigh úinéirí an Óstáin nach rachfaí ar aghaidh leis an ghalfchúrsa agus d'aontaigh gach aon taobh a gcuid costas féin a iompar.

Ach b'éigean don Ard-Aighne a bheannacht a thabhairt don tsocrú mar go raibh a oifig féin ina pháirtí leasmhar sa chás. Athraíodh an rialtas san idirlinn agus ceapadh Dermot Gleeson mar Ard-Aighne. Bhí seisean sásta leis an chomhréiteach a aontaíodh.

"In all circumstances justice is served by the proposals contained in the agreement and nothing of consequence would be achieved in the public behalf by requiring a public rights issue to be litigated to a conclusion," a rialaigh an tArd-Aighne i mí Eanáir 1995.

Ach i nóta lámhscríofa ar imeall an chomhaid rinne sé tuar go bhféadfadh go mbeadh cásanna ann sa todhchaí a bhainfeadh le cearta slí ar an stráice talún a bhí i gceist:

"Paragraph A of the 'consent' part of the agreement is clearly without prejudice to a subsequent claim that there is a public right of way over the lands, in an appropriate case where there is an allegation that the public might be interfered with."

Tá Óstán Ghaoth Dobhair tréigthe ó bhí 2015 ann ach bronnadh cead pleanála anuraidh ar na húinéirí úra, Vesada Private, lena fhorbairt.