Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Deacrachtaí ag Foras na Gaeilge agus institiúidí ar fionraí

16 NOLLAIG 2025, 14:59

X Facebook

Tugann cáipéisí rúnda an Stáit ó thús an chéid léargas ar na deacrachtaí a bhí le sárú ag Foras na Gaeilge nuair a cuireadh na hinstitiúidí trasteorann ar fionraí ceithre huaire idir na blianta 2000-2007. Tugtar léargas fosta ar an bhrú a bhí ar Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, sa ghluaiseacht Poblachtach mar thoradh ar an fhionraíocht.

I bhFeabhra 2000, chuir Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Mandelson, comhthionóil Stormont ar fionraí siocair nach rabhthas ábalta teacht ar shocrú i dtaca le díchoimisiúnú armlóin an IRA.

Chuaigh na hinstitiúidí ar ais i mbun oibre i mí Bealtaine dár gcionn nuair a gheall an tIRA go gcuirfidís a gcuid arm as feidhm. Chuir Státrúnaí Thuaisceart Éireann, John Reid, déabhlóid ar fionraí arís i Lúnasa agus i Meán Fómhair na bliana 2001 le spás a thabhairt do na páirtithe éagsúla dul i ngleic leis an phróiseas díchoimisiúnaithe.

Ach i nDeireadh Fómhair 2002 cuireadh tús le géarchéim pholaitíochta nuair a rinne na póilíní ruathar ar oifigí Shinn Féin i Stormont.

Maíodh go raibh gréasán spiairí ag an IRA i gcroílár an Rialtais ó thuaidh. D'fhógair John Reid go raibh socruithe déabhlóide curtha ar fionraí agus go mbeadh riail dhíreach ó Rialtas na Ríochta Aontaithe ag teacht i bhfeidhm. Mhair an tsáinn go dtí an bhliain 2007, tráth ar aontaigh ceannaire an DUP, an Dr Ian Paisley, agus Martin McGuinness ó Shinn Féin cumhacht a roinnt.

Tréimhse thar a bheith achrannach ab ea í seo don sé fhoras trasteorann a bunaíodh mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Chuir Tim O'Connor, Comhrúnaí na Comhairle Aireachta Thuaidh/ Theas, tuarascáil rúnda le chéile don Rialtas an 3 Bealtaine, 2000, ar na deacrachtaí a bhí le sárú ag na hinstitiúidí trasteorann le linn na dtréimhsí fionraíochta - Foras na Gaeilge san áireamh. Dúirt sé go raibh Príomhfheidhmeannaigh na n-institiúidí ag déanamh a dtréan díchill a gcuid eagraíochtaí a choinneáil sa tsiúl ach go raibh sé seo fíordheacair go háirithe i gcás cinn a raibh struchtúir boird acu ar nós Foras na Gaeilge. Ar ndóigh bhí cruinnithe boird curtha ar fionraí fosta.

"The difficulties involved in regard to the Foras Teanga are particularly acute," a scríobh Tim O'Connor. "Because the Foras took over a previous remit - and staff (over 40 people) - of Bord na Gaeilge, it has a large block of ongoing work. Moreover, the Irish language constituency is a very active one, with its own media, and the developments at Foras are being followed with the keenest interest."

Mhol Tim O'Connor an obair a bhí ar bun ag Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Micheál Ó Gruagáin, agus a fhoireann a bhí ag déanamh a ndíchill

"but clearly having to operate without the formal input of the Board has proved problematic."

Mhol sé obair Chathaoirleach an Fhorais, Maighréad Uí Mháirtín, go hard fosta:

"She is an impressive figure and has made a very good start to the position in trying circumstances."

Maighréad Ui Mháirtín- Foras na Gaeilge
Maighréad Uí Mháirtín, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge

Dúirt O'Connor go raibh an Foras ag iarraidh bealaí cruthaitheacha a aimsiú le dul i ngleic lena gcuid deacrachtaí trí ghrúpaí oibre neamhfhoirmeálta a bhunú ina mbeadh comhaltaí boird ábalta plé a dhéanamh ar chuid de na ceisteanna a bhí ar chlár oibre an Fhorais.

I measc na nithe a bhí faoi chaibidil ag na grúpaí oibre seo bhí oscailt oifig Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste, seilbh a ghlacadh ar An Gúm agus deontais a bhronnadh ar na heagrais Ghaeilge:

"All of these issues have been significantly hampered by the absence of the Board and the difficulties involved will grow more acute in the coming weeks."

Ba léir do Tim O'Connor go raibh imní mhór sa ghluaiseacht Poblachtach faoin fhionraíocht. Lá Fhéile Pádraig, 2000, bhí cruinniú aige le duine sinsearach i Sinn Féin, ball d'fhoireann ceannaireachta an pháirtí. Sheol O'Connor facs rúnda chuig Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Dermot Gallagher, faoin chruinniú seo. Bhí fearg as cuimse ar Phoblachtaigh faoin fhionraíocht ('I have never seen it so bad') agus bhí go leor de lucht tacaíochta Shinn Féin ag léiriú amhrais faoi straitéis an pháirtí:

"Those who had been sceptical about the process all along were having a field day. While Adams' position was not under real threat, for the first time, open criticism was being voiced," a dúirt an Poblachtach sinsearach le Tim O'Connor. "The nub of the criticism could be summarised as follows: 'Adams got it wrong. He told us that this process was about real change, but when push comes to shove, it's the same old story. The Brits play the Orange card.'"

Dúirt an Poblachtach sinsearach seo gur mheas sé gurb é seo an chéad uair a raibh daoine ag cáineadh Gerry Adams go hoscailte. Dúirt sé go raibh Adams iontach gortaithe faoi alt fíorcháinteach a scríobh iar-cheannasaí na gcimí sa Cheis Fhada, Brendan Hughes, faoi. Mheas an Poblachtach anaithnid seo go raibh caint Hughes bunaithe ar theip an chórais pholaitiúil:

"if the institutions were up and running, Brendan Hughes' voice would be the voice of the past."

Bhí Rúnaíocht na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas in amhras fosta faoi chur chuige Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus a gceannaire David Trimble. Cé gur léir go raibh Aontachtóirí in ísle brí agus gur tuigeadh go maith cén fáth a mbeadh drogall ar Trimble páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna, bhí an Rúnaíocht in amhras faoina thiomantas don phróiseas.

... "There is a real danger that those tactics become confused with strategy and that people conclude that the UUP are not up for a deal - no matter how far reaching," ... a dúradh i bplé-cháipéis de chuid na Rúnaíochta sular chas oifigigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha le toscaireacht de chuid an UUP i mBaile Átha Cliath an 11 Nollaig, 2002.

I ndeireadh ama, tionóladh cainteanna idir na páirtithe uilig in Albain idir an 11 agus 13 Deireadh Fómhair 2006 agus síníodh Comhaontú Chill Rímhinn. Athghaireadh Stormont agus cuireadh feidhmeannas úr le chéile an 8 Bealtaine, 2007, faoi stiúir an dá pháirtí is mó sa Tuaisceart, an DUP agus Sinn Féin.