Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Rochtain TG4 ina ábhar buartha don phróiseas síochána

16 NOLLAIG 2025, 16:13

X Facebook

D'fhéadfadh an próiseas síochána a bheith i mbaol mura mbeadh TG4 ar fáil sa Tuaisceart. B'in an teachtaireacht lom a thug taobh na hÉireann de Rúnaíocht Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann le fios dá gcuid comhghleacaithe ón Bhreatain sa bhliain 2002. Léiríonn comhaid an Stáit go raibh an teacht a bhí ar TG4 ina údar aighnis idir an dá Rialtas ag tús an chéid agus go raibh na heagrais Ghaeilge go mór in amhras faoi thiomantas na Breataine i leith na craoltóireachta Gaeilge.

Ag an am, ní raibh ach an ceathrú cuid de phobal an Tuaiscirt ábalta comhartha TG4 a ghlacadh. Bhí daoine cois teorann ábalta an comhartha a ghlacadh de thairbhe aeróg ó chrainn chraolta a bhí lonnaithe sa Phoblacht ach ba bheag duine i mBéal Feirste a bhí ábalta amharc ar an chainéal. Gheall an dá Rialtas i gComhaontú Aoine an Chéasta go bhfiosródh siad modhanna chun comhartha TG4 a scaipeadh sa Tuaisceart agus bhí an t-éileamh ag méadú ó dhaoine nach raibh ábalta teacht ar an chainéal. Ach bhí srian ar an neart a d'fhéadfaí a chur le comhartha craolta ón Phoblacht de bharr sléibhte agus loganna sa tírdhreach.

Tugadh foláireamh láidir don Rúnaíocht Idir-Rialtasach faoin tábhacht a bhain leis an cheist seo. Cé go raibh dóchas ann go mbunófaí an córas teilifíse digití trastíre (DTT) sa Ríocht Aontaithe idir 2006-2010, mhaígh státseirbhísigh na hÉireann nach bhféadfaí an cheist a chur ar an mhéar fhada:

"We believe that action on improving TG4 reception in Northern Ireland cannot be postponed for such a length of time. A failure to act on the issue at the present time would not only be contrary to the two Governments' stated political obligations but could also be detrimental to the Northern Ireland peace process itself. Indeed, there are many who hold that the success of the peace process is dependent on positive steps of a practical nature if it is to be seen as viable and beneficial by the average citizen."

Chuir státseirbhísigh na hÉireann in iúl don Rúnaíocht an 15 Eanáir 2002, nár cheart amharc ar an teacht a bhí ar TG4 sa Tuaisceart mar cheist theicniúil nó tráchtála ach mar cheist pholaitiúil agus cultúir. Ba cheart mar sin go dtabharfaí cead comhartha TG4 a scaipeadh ón tarchuradóir ar Shléibhte Dubhais in iarthar Bhéal Feirste.

Rinne eagraíochtaí Gaeilge ar nós Foras na Gaeilge, Gael Linn, Iontaobhas Ultach agus Pobal dianstocaireacht ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, ar an cheist. Fuair sé litreacha gearáin fosta ón Aire Rory O'Hanlon, ón Teachta Dinny McGinley agus ó Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams.

Fógraíodh go mbeadh comhartha TG4 á iompar ar chóras satailíte BSkyB in Aibreán 2002 ach bhí Foras na Gaeilge buartha go mbeadh craoltóirí saora na Breataine - leithéidí BBC, ITV, Channel 4 agus Channel 5 - ag iarraidh bac a chur ar TG4 a dháileadh ar shatailít sa Tuaisceart mar go bhféadfadh go mbeadh sárú i gceist ar chearta craolta a bhí acu féin.

Bhí an-díomá ar na heagrais Ghaeilge, áfach, nuair a d'fhoilsigh Tessa Jowell Dréachtbhille Cumarsáide i 2002. Cé go raibh soláthar déanta sa bhille don Bhreatnais agus do Ghàidhlig na hAlban ní raibh aon tagairt ar leith ann don Ghaeilge. Chuir sé seo an-olc ar phobal na Gaeilge ó thuaidh agus ar na heagrais Ghaeilge Thuaidh agus Theas. Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, le fios do Rory O'Hanlon gur cheistigh Ambasáid na hÉireann sa Bhreatain an chúis nach raibh an Ghaeilge luaite sa dréachtbhille le Rialtas na Breataine. Lorg an Roinn Gnóthaí Eachtracha cruinniú práinneach leis an Rúnaíocht Idir-Rialtasach chun an cheist a phlé.

Mheas Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal, go mbeadh

"impleachtaí a leithéid seo de theachtaireacht ar an Ghaeilge i bhfad níos leithne ná a tionchar ar chúrsaí teilifíse."

Chuir Foras na Gaeilge aighneacht thoirtiúil faoin Bhille Cumarsáide faoi bhráid na n-airí Brian Cowen agus Tessa Jowell agus scríobh a Phríomhfheidhmeannach, Seosamh Mac Donncha, chucu beirt. Bhí an Foras go láidir den tuairim gur cheart do Rialtas an Breataine bonn reachtúil a chur faoi na gealltanais a tugadh maidir le cúrsaí craolacháin agus léiriú scannán i nGaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta i bhforálacha an Bhille Cumarsáide.

Bhí dhá phríomh-mholadh ag an Fhoras

1. go dtabharfadh an Bille Cumarsáide stádas éigeantach iompair do chomhartha TG4 ar gach ardán dáilte iompair teilifíse i dTuaisceart Éireann agus

2. go mbunódh Rialtas na Breataine ciste léiriúcháin do chláracha teilifíse agus scannáin Ghaeilge.

Thug Rúnaí Príobháideach an Aire Cowen le fios don Fhoras go raibh rún acu é a phlé ag cruinniú de Chomhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann an 18 Nollaig 2002.

I mí Iúil, 2003, bhí dea-scéala le fógairt ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Paul Murphy. D'fhógair sé go mbeadh ciste le bunú chun tacú le scannáin agus cláracha teilifíse Gaeilge de luach £12m thar thréimhse cúig bliana. I mí Dheireadh Fómhair, d'fhógair sé go mbeadh 157,000 teach eile sa Tuaisceart ábalta teacht ar TG4 le haeróga iniompartha.

Thug an Taoiseach, Bertie Ahern, le fios do Gerry Adams go raibh dul chun cinn mór déanta i dtaca le ceisteanna cóipchirt agus teicniúla.

"We envisage that a way forward in overcoming these barriers will be identified and agreed between both Governments in the near future."

D'fhoilsigh Comhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann comhráiteas tar éis cruinniú i mBaile Átha Cliath an 2 Márta, 2005 inar maíodh go rabhthas sásta leis an dul chun cinn a rinneadh:

"The Conference was pleased that all issues relating to increasing TG4 reception had now been addressed, (and the two Chairs signed an Intergovernmental Agreement granting authority for TG4 to use a UK frequency to broadcast in Northern Ireland)."