Chaith an rialtas beagnach céad míle dollar ar thicéid agus ar bhoscaí corparáideacha ag cluichí fhoireann sacair na hÉireann ag an Chorn Domhanda i Meiriceá i 1994.
Bhí sé ina raic sa Dáil nuair a nochtaigh Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí, Jim Mitchell, go mbeadh 11 aire rialtais ag dul go Meiriceá le dul chuig na cluichí.
Ina measc, bhí an Taoiseach Albert Reynolds, an Tánaiste Dick Spring, chomh maith le Bertie Ahern, Brian Cowen, David Andrews, Ruairí Quinn, Brian Cowen, Charlie McCreevy, Mervyn Taylor agus Pat the Cope Gallagher.
Cháin Jim Mitchell na turais agus dúirt go raibh cur i gcéill ar bun acu agus iad ag maíomh go mbeadh siad i mbun dualgais oifigiúla i Meiriceá fad is a bheadh siad ag freastal ar na cluichí.
Is léir ó cháipéisí atá ar fáil anois i gcomhad de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha gur chaith Ambasáid na hÉireann i Washington ionann is céad míle dollar ar thicéid. Caitheadh $92,138 ar na ticéid féin mar aon le $3,775 ar bhoscaí corparáideacha.
Tá cur síos sa chomhad ar amchlár an n-airí uile. Bhí sé beartaithe ag an Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide, Brian Cowen, mar shampla, eitilt go hAerfort Kennedy ('Premier Class') an 17 Meitheamh, 1994, limisín a fháil go dtí Óstán an Waldorf Astoria agus dinnéar a ithe i mbialann Sparks an oíche sin. An mhaidin dár gcionn bheadh bricfeasta aige le 'daoine mór le rá', agus lón leis an fhear gnó Martin Rafferty sula bhfreastalódh sé ar an chluiche idir Éire agus an Iodáil i Giants Stadium, New Jersey. Thabharfadh limisín é ón Waldorf Astoria go dtí an t-aerfort tráthnóna an 19 Meitheamh.
Sheol an Ambasáid cáipéis chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag déanamh cur síos ar an chaiteachas le linn an chomórtais.
Dúradh gur cuireadh méid áirithe ticéad ar fáil d'ambasáidí áirithe i Meiriceá:
"If we had not availed of these tickets, they would have gone to other countries. This would clearly have been unacceptable," a dúradh.
Dúradh fosta go raibh trí sprioc le ceannach na dticéad.
1. Thug siad deis don rialtas agus d'eagraíochtaí stáit ticéid a bhronnadh ar theagmhálacha tábhachtacha in earnáil an ghnó agus tráchtála.
2. Chinntigh sé go mbeadh deis ag lucht leanta na hÉireann ticéid a fháil le haghaidh cluichí cinniúnacha agus
3. tháinig siad i gcuidiú ar an lucht leanta a bhí fágtha ar an trá fholamh nuair a chuaigh comhlacht turasóireachta as Sasana, Sportex, go tóin poill:
"they saved a potentially damaging (and even riotous) situation."
Bhí an Ambasáid den tuairim gur cuireadh go mór le híomhá na hÉireann le linn an chomórtais agus gur éirigh thar barr leis mar fheachtas margaíochta don tír.
In ainneoin sin uile, bhraith an Ambasáid go raibh brú as cuimse ar an fhoireann le linn an chomórtais.
"I believe we should be very loathe to ask colleagues to take on a similar role in the future given the huge and enormously time-consuming burden involved," a dúradh.
* Craolfar an clár Siar 20 Bliain ar TG4 anocht ag 19.55


