Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fearg curtha in iúl ag cruinniú Fhianna Fáil

17 NOLLAIG 2025, 17:02

Micheál Martin agus Jim Gavin
X Facebook

I gcruinniú a bhí ag páirtí parlaiminte Fhianna Fáil aréir, cáineadh go láidir ceannaire an pháirtí, an Taoiseach Micheál Martin, faoin dóigh ar thug sé faoi Jim Gavin a roghnú mar iarrthóir Uachtaránachta an pháirtí.

Léirigh roinnt Teachtaí Dála agus Seanadóirí a míshástacht leis an bpróiseas roghnúcháin agus chuir siad i leith Mhichíl Martin gur thug sé neamhaird ar an bpáirtí parlaiminte lena chinntiú nach mbeadh seans ag aon iarrthóir eile seachas Jim Gavin.

D'éirigh Jim Gavin as an toghchán Uachtaránachta i dtús mhí Dheireadh Fómhair nuair a tháinig sé chun solais nár íoc sé ar ais €3,300 le hiarthionónta leis.

In athbhreithniú a rinneadh ar an scéal thar ceann Fhianna Fáil agus a foilsíodh tráthnóna inné, dúradh gur fiafraíodh de Jim Gavin ar dhá ócáid éagsúla sular roghnaíodh é mar iarrthóir Uachtaránachta an raibh aon fhírinne sna ráflaí a bhí ag imeacht ag an am faoi chás an iarthionónta.

Dúirt Jim Gavin ar an dá ócáid sin, áfach, nár chuimhin leis dada mar é.

Dúradh san athbhreithniú gur chomhairligh an páirtí do Jim Gavin ag an am gur dóichí go dtiocfadh an scéal amach luath nó mall dá mbeadh aon fhírinne ann.

Sa chruinniú a bhí ag páirtí parlaiminte Fhianna Fáil aréir, léiríodh fearg gur ainmníodh Jim Gavin mar iarrthóir Uachtaránachta gan aon taighde vótála a bheith déanta roimh ré agus léiríodh ionadh chomh maith gur thug Micheál Martin a bheannacht do Jim Gavin gan an bheirt acu a bheith tagtha le chéile ach an t-aon uair amháin.

Tugadh le fios san athbhreithniú gur chosain an feachtas Uachtaránachta idir €350,000 agus €400,000 ar Fhianna Fáil agus gan ach drochthoradh air.

Táthar den bharúil go bhfuil an chonspóid tar éis cuid den bhonn a bhaint ó údarás Mhichíl Martin i bhFianna Fáil ach ní cosúil go dtitfidh sé sa pholl a rinne sé – faoi láthair ná i ngearraimsir ar aon chor.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ