Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Sléacht Bondi: fear cúisithe i ndunmharú, sceimhlitheoireacht

17 NOLLAIG 2025, 12:49

Maraíodh cúig dhuine dhéag san ionsaí lámhaigh ar thrá Bondi Beach
X Facebook

Naveed Akram, duine den bheirt fhear a deirtear a bhí freagrach as an ionsaí lámhaigh inar maraíodh cúig dhuine dhéag in Sydney san Astráil Dé Domhnaigh seo caite, cúisíodh é inniu i mbeagnach trí scór cion, lena n-áirítear dúnmharú agus sceimhlitheoireacht.

Deirtear gurbh iad Naveed Akram, atá 24 bliain d'aois, agus a athair Sajid Akram, 50 bliain, an bheirt fhear a lámhach daoine ón bpobal Giúdach – den chuid is mó – a bhí bailithe ar thrá Bondi Beach in Sydney le Féile an Tiomnaithe, nó Hanukkah, a cheiliúradh.

Chomh maith leis an gcúig dhuine dhéag a maraíodh, gortaíodh tuairim is dhá scór eile.

Lámhach agus mharaigh na póilíni an t-athair agus cé gur lámhach siad an mac freisin níor cailleadh é.

Tá Naveed Akram an-dona tinn san ospidéal ach is cosúil go dtiocfaidh sé tríd agus go dtabharfar é os comhair cúirte ar nasc físe.

Dealraíonn sé go raibh an bheirt fhear tiomanta don antoisceachas Ioslamach agus gur faoi anáil na heagraíochta dá ngairtear Stát Ioslamach a bhí siad.

Tá cuid de na daoine a maraíodh sa sléacht á n-adhlacadh inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ