Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh i ndúnorgain, seachas i ndúnmharú, fear 37 bliain d'aois a d'admhaigh gur sháigh sé agus gur mharaigh sé fear óg i mBaile Átha Cliath beagnach bliain go leith ó shin.
Mhaígh Patrick Murphy as Paráid Dhroim Cairn i dTamhlacht go raibh sé ag cosaint a theaghlaigh agus a mhaoine nuair a mharaigh sé Jordan Ronan, a bhí 20 bliain d'aois, ar an 26 Iúil 2024.
Dúradh sa triail gur bhris an fear óg isteach i veain Patrick Murphy agus i ngluaisteán pháirtí Patrick Murphy taobh amuigh dá dteach cónaithe i dtráthanna beaga na maidine an lá úd.
Tháinig Patrick Murphy amach as an teach agus sháigh sé Jordan Murphy sa chliabhrach.
Theith Jordan Murphy ach thit sé as a sheasamh agus gan ach achar gairid curtha de aige.
Tugadh chun an ospidéil é, áit ar bhásaigh sé go luath ina dhiaidh sin.
Seacht n-uaire an chloig agus 40 nóiméad a chaith an giúiré ag plé an cháis agus ag déanamh a marana air.
Ar deireadh, cé gur i ndúnmharú a cúisíodh Patrick Murphy is i ndúnorgain a chiontaigh na giúróirí é.
Cuireadh Patrick Murphy siar faoi choinneáil agus gearrfar pianbhreith air an mhí seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


