Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bac na drochaimsire ar tharrtháil trálaer Fastnet an Daingin

18 NOLLAIG 2025, 17:07

An Fastnet i dtalamh i gCuan an Daingin
X Facebook

De bharr chúinsí contúirteacha na farraige, níor éirigh fós le hoibrithe tarrthála dul ar bort an trálaera an Fastnet, a chuaigh i dttalamh i mbéal Chuan an Daingin Dé Domhnaigh.

Chaill an Fastnet atá 27m ar fhad cumhacht a hinnill, agus caitheadh i dtalamh í dá bharr.

Thug heileacaptar tarrthála an Gharda Cósta criú an tsoithigh slán, 14 san iomlán, in ainneoin na drochaimsire, ach bhí sé dúshlánach.

Níor éascaigh an aimsir ó shin an bealach do lucht na tarrthála dul ar bord an trálaera.

Ach tá súil go bhfeabhsóidh an aimsir tar eís an deireadh seachtaine.

Dúirt an Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara Dé Luain go bhfuiltear ag faire an chás go géar, ach de bharr an áit chontúirteach ina bhfuil an soiteach ina suí, beidh an tarrtháil ag brath go hiomlán ar an taoide agus ar na aimsir bheith feiliúnach.

Faoi uair a chloig den soitheach dul i dtalamh timpeall 11:30 Dé Domhnaigh, bhí Plean Éigeandála na gCalafort curtha sa siúl ag Máistir Chuain an Daingin, agus faoina 02:00 an Luan bhí oibritheoir tarrthála ar an láthair agus faoina 07:00 bhí conraitheoir sceitheadh ola ann freisin.

Níor éirigh le haon duine dul ar bord fós leis an riosca a bhaineann le truailliú a mheas.