Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cás faoi Airí Stáit caite amach ag an Ard-Chúirt

19 NOLLAIG 2025, 15:53

Is iad na Teachtaí Dála Pa Daly agus Paul Murphy a thug an cás Ard-Chúirte
X Facebook

San Ard-Chúirt, caitheadh amach an cás a thug beirt Teachtaí Dála ón bhfreasúra maidir le hAirí Stáit áirithe a bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhaireacht.

An bheirt Teachtaí Dála, Pa Daly ó Shinn Féin agus Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht, bhí iarrtha acu ar an Ard-Chúirt cosc a chur ar cheathrar Airí Stáit "a bhfuil cúraimí breise orthu" a bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhaireacht ar an mbonn, dar leis an mbeirt, go raibh a leithéid míbhunreachtúil.

De réir Bhunreacht na hÉireann, a mhaígh an bheirt, níl cead ag níos mó ná cúig dhuine dhéag a bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhaireacht.

Ina cheann sin, dar leo, a ndeirtear sna cruinnithe sin, tá sé faoi rún agus níl cead é a phlé le daoine eile.

Os a choinne sin, mhaígh an tArd-Aighne Rossa Fanning thar ceann an Rialtais go bhfuil cead ag daoine eile a bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhaireacht ar chuireadh an Taoisigh.

Dúirt sé freisin nach bhfuil na hAirí Stáit "a bhfuil cúraimí breise orthu", nach bhfuil siad bainteach leis na cinntí a dhéanann an Rialtas sna cruinnithe sin.

Ar deireadh, rialaigh an Ard-Chúirt nach bhfuil aon fhoráil i mBunreacht na hÉireann ina ndeirtear go soiléir ná go hintuigthe nach bhfuil cead ag níos mó ná cúig dhuine dhéag a bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhaireacht.

Rialaigh an chúirt freisin nach bhfuil sé míbhunreachtúil an ceathrar Airí Stáit a bheith i láthair ag na cruinnithe.

Dúirt Pa Daly agus Paul Murphy go ndéanfaidís a machnamh ar ar rialaíodh inniu i gcaitheamh na Nollag agus nach raibh sé curtha as an áireamh acu achomharc a dhéanamh sa Chúirt Uachtarach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ