Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear le cur ar a thriail faoi dhúnmharú Eddie Friel

19 NOLLAIG 2025, 13:06

Cuirfear tús le triail James Spendley sa Phríomh-Chúirt Choiriúil ar an 27 Eanáir
X Facebook

Tá fear 58 bliain d'aois le cur ar a thriail sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath faoi fhear 61 bliain a dhúnmharú sna Cealla Beaga i gCo Dhún na nGall ocht mí ó shin.

Tá James Spendley as Cnoc Chuimín sna Cealla Beaga cúisithe i ndúnmharú Eddie Friel a fuarthas gan aithne gan urlabhra ina theach cónaithe i gCéide Radharc an Chuain sna Cealla Beaga ar an 13 Aibreán agus a fuair bás tamall gairid ina dhiaidh sin.

Tá James Spendley faoi choinneáil ón 15 Aibreán, tráth a cúisíodh é i ndíobháil thromchúiseach a dhéanamh d'aon ghnó nó go meargánta do Eddie Friel.

Tarraingíodh siar an chúis sin ar an 3 Deireadh Fómhair, tráth a cúisíodh é i ndúnmharú.

Seirbheáladh leabhar fianaise ar James Spendley i gCúirt Dúiche Bhéal Átha Seanaidh ar maidin inniu agus cuireadh siar faoi choinneáil é.

Cuirfear tús lena thriail sa Phríomh-Chúirt Choiriúil ar an 27 Eanáir 2026.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ