Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beagnach 400 fia ciondíothaithe i gCill Airne i mbliana

30 NOLLAIG 2025, 11:50

Fianna Seapánacha i gCill Airne
X Facebook

Ciondíothaíodh 392 fia i bPáirc Náisiúnta Chill Airne i gCo Chiarraí in 2025, i gcomparáid le 286 in 2024, de réir figiúirí nua ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

276 fia Seapánach agus 116 fia rua a bhí i gceist, eilití a mbunáite, agus lámhachadh an chuid is mó díobh le linn shéasúr an fhiaigh.

10,000 heicteár atá i bPáirc Náisiúnta Chill Airne ach bíonn na fianna ag fanaíocht taobh amuigh di go minic.

Go deimhin, is minic iad in áit a mbuailte ag gluaisteáin agus is iomaí timpiste bóthair atá tarlaithe sa cheantar dá bharr sin.

Dúirt an comhairleoir contae neamhspleách Brendan Cronin nach bhfuil aon dream freagrach go hoifigiúil as timpistí bóthair a bhfuil fianna bainteach leo, murab ionann agus ainmhithe feirme.

D'iarr sé ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra freagracht a ghlacadh as an bhfadhb agus iarracht a dhéanamh na fianna a choimeád istigh sa pháirc.

Tháinig ardú as cuimse ar an lion fianna i gCiarraí agus in áiteanna eile sa tír le linn na paindéime Covid-19 nuair a bhí cosc ar fhiach.

Tá straitéis bainisithe bunaithe ag an Roinn Talmhaíochta agus táthar ag iarraidh ar fheirmeoirí agus ar lucht fiaigh obair i gcomhar chun an fhadhb a réiteach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ