Tá na Gardaí ag iarraidh cúnamh ar an bpobal maidir leis an bhfiosrúchán atá ar bun acu faoi dhúnmharú beirte i gCo Uíbh Fhailí trí seachtaine ó shin.
Maraíodh Tadhg Farrell, a bhí ceithre bliana d'aois, agus a sheanaintín Mary Holt, a bhí 60 bliain d'aois, nuair a caitheadh buama peitril trí fhuinneog an tí ina raibh siad i bPáirc Radharc an Chaisleáin in Éadan Doire ar an 6 Nollaig.
Gortaíodh go dona seanmháthair an bhuachalla chomh maith agus tá cóir leighis á chur uirthi san ospidéal i gcónaí.
Fuarthas gluaisteán dóite sa Tobar Thoir sa Nás i gCo Chill Dara ar an 7 Nollaig agus creideann na Gardaí go raibh an fheithicil bainteach leis an ionsaí ar an teach.
Creidtear gur sa ghluaisteán sin a theith an dream a bhí freagrach as an ionsaí ón láthair
Gluaisteán dubh den déanamh Kia Rio is ea í agus is í 08-D-24363 an chláruimhir atá aici.
Tá na Gardaí ag iarraidh fáil amach cá raibh an gluaisteán go baileach idir an 7 Deireadh Fómhair agus an 7 Nollaig agus tá siad ag achainí ar dhaoine a mbeadh eolas ábhartha acu ar an scéal teacht chun cainte leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


