Beidh 2026 ar an mbliain is crua riamh ar iascairí na tíre seo, a deir siad, tar éis don Aontas Eorpach cuótaí éisc a chiorrú an tríú cuid.
Príomhfheidhmeannach Chumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann, Aodh Ó Domhnaill, dúirt sé go bhfuil tíortha eile ag bánú uiscí na tíre seo agus mhaígh sé go mba ghearr nach mbeadh ach fíorbheagán iascairí fanta in Éirinn.
Dar le comhghuaillíocht eagraíochtaí éagsúla atá bainteach leis an iascaireacht go bhfuil 2,300 post i mbaol de bharr na gcuótaí nua.
An tAire Stáit a bhfuil cúraimí earnáil na hiascaireachta air, Timmy Dooley, beidh cruinniu aige le hionadaithe iascairí sna Cealla Beaga i gCo Dhún na nGall inniu.
D'fhógair an Rialtas cheana go mbunófaí tascfhórsa le teacht i gcabhair ar iascairí agus go mba é Michael Burke, iar-phríomhfheidhmeannach Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, go mba é a bheadh ina chathaoirleach air.
Ró-iascaireacht le trí scór bliain máthair an oilc agus deir an tAontas Eorpach nach bhfuil aon rogha ann ach a bhfuil fanta den stoc a chaomhnú.
Tá olc ar iascairí na hÉireann, áfach, gur iascairí ón Iorua, ón Íoslainn agus ó na hOileáin Fharó is mó atá freagrach as an scrios atá déanta ar éisc, go háirithe an murlas.
Ina cheann sin, ní mó ná sásta atá na hiascairí nach bhfuil siad á gcúiteamh de réir na meicníochta a dtugtair Tosaíochtaí na Háige air.
Ní féidir an cúiteamh sin a chur ar fáil faoi láthair, a deir an tAontas Eorpach, i bhfianaise chomh gann agus atá éisc i ngach áit.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


