Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Na dosaein maraithe' i ndóiteán ag ionad sciála san Eilvéis

01 EANÁIR 2026, 14:58

Láthair na tubaiste i mbaile Crans-Montana in iardheisceart na hEilvéise
X Facebook

Maraíodh "go leor daoine" agus gortaíodh go leor eile i ndóiteán a tharla i dteach tábhairne in ionad sciála san Eilvéis go moch ar maidin inniu.

Tuairiscítear gur maraíodh na dosaein sa tubaiste – dhá scór, de réir foinsí áirithe.

Deirtear freisin gur thart ar 100 duine a gortaíodh agus gur daoine ó thíortha éagsúla iad.

Tá cuid den dream a gortaíodh an-dona tinn, is cosúil.

Tharla an tubaiste i mbaile Crans-Montana i gcantún Valais-Wallis in iardheisceart na hEilvéise ag thart ar 1.30 ar maidin.

Social media footage shows fire at Swiss bar
Pictiúr den dóiteán a foilsíodh ar na meáin shóisialta

Níl sé deimhnithe fós cad ba shiocair leis an dóiteán ach bhí taispeántas piriteicniúil ar siúl sa bheár ag an am agus teacht na Bliana Nua á cheiliúradh ann.

Tuairiscítear gur lasadh an áit nuair a phléasc na tinte ealaíne gan choinne, é sin nó d'imigh ó smacht.

Tá tuairim eile ann go mb'fhéidir gur coinnle nó spréachairí ar cháca milis ba chúis leis an dóiteán.

Pé cúis a bhí leis, tá na húdaráis ionann is cinnte, a deir siad, nach ionsaí a bhí ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ