Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

190 duine maraithe i dtionóiscí bóthair anuraidh, méadú de 8.5%

01 EANÁIR 2026, 15:32

'Údar imní ar leith an lion coisithe agus rothaithe a maraíodh in 2025'
X Facebook

190 duine a maraíodh i dtionóiscí a raibh baint ag feithiclí leo ar fud an Stáit in 2025, de réir figiúirí atá curtha ar fáil ag na Gardaí.

Sin cúig dhuine dhéag níos mó ná 2024, méadú de 8.5%.

Áirítear sna figiúirí nua timpistí a tharla ar bhóithre poiblí agus neamhphoiblí araon, chomh maith le carrchlóis agus áiteanna mar iad.

An tAire Stáit atá freagrach as sábháilteacht ar bhóithre, Seán Canney, dúirt sé gur bliain thar a bheith crua ab ea 2025 ó thaobh timpistí de agus rinne sé comhbhrón leis na teaghlaigh ar maraíodh daoine muinteartha leo.

Údar imní ar leith, dar leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, is ea an líon "daoine leochaileacha" – leithéidí coisithe agus rothaithe – a maraíodh anuraidh.

Bhí 45 coisí agus 14 rothaí i measc an 190 a maraíodh, chomh maith le 30 gluaisrothaí agus triúr a bhí ar scútair leictreacha, idir mharcaigh agus chúlóga.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ