Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Daoine fós ar iarraidh tar éis na tubaiste san Eilvéis

02 EANÁIR 2026, 12:35

Thart ar 40 duine a maraíodh sa tubaiste i mbaile Crans-Montana san Eilvéis
X Facebook

Tá na húdaráis san Eilvéis fós ag cuardach do dhaoine atá ar iarraidh tar éis an dóiteáin mhóir a tharla i dteach tábhairne i mbaile Crans-Montana in iardheisceart na tíre sin go moch ar maidin inné.

Chomh maith leis an 40 duine a maraíodh sa tubaiste, daoine óga a mbunáite de réir dealraimh, gortaíodh 115 eile.

Mar bharr ar an mbuaireamh, deirtear go bhfuil roinnt den dream a gortaíodh an-dona tinn.

Níl sé ráite cé mhéad duine go baileach atá fós ar iarraidh ach thoill an teach tábhairne os cionn 300 duine, de réir foinsí ar líne.

Ionad sciála idirnáisiúnta is ea Crans-Montana agus dúirt Uachtarán na hEilvéise Guy Parmelin gur dóichí go bhfuil daoine as tíortha éagsúla i measc na marbh.

Deimhníodh ó shin go bhfuil buachaill sé bliana déag as Genova ar dhuine de na mairbh agus tá sé tugtha le fios ag Rialtas na hIodáile go bhfuil cúig dhuine dhéag ón tír sin ar iarraidh.

Deir Rialtas na Fraince go bhfuil ochtar saoránach de chuid na tíre sin ar iarraidh chomh maith.

Ní fios fós cad ba shiocair leis an dóiteán ach deir beirt a bhí san áit ag an am gur lasadh síleáil an tí nuair d'imigh spréachairí ó smacht agus gur leath an tine de luas mire ina dhiaidh sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ