Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Sioc forleathan, séideáin sneachta sa tuaisceart

02 EANÁIR 2026, 11:57

Sneachta briosc sa luachair, Dún na nGall
X Facebook

Deir Met Éireann go mb'fhéidir go mbeadh scráibeacha sneachta i roinnt contaetha i dtuaisceart na tíre i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Beidh an teocht chomh híseal le ceithre chéim faoi bhun an reophointe oíche amárach i gCúige Uladh agus i dtuaisceart Chonnacht.

Ceaptar gur trí cheintiméadar ar doimhneacht – ar a mhéad – a bheas an sneachta sna háiteanna sin.

Mar sin féin, molann na meitéareolaithe do thiománaithe go háirithe a bheith san airdeall ar mhuca sneachta san áit is faide a leanfaidh na scráibeacha.

Is dhá chéim faoi bhun an reophointe is ísle a bheas an teocht anocht, trí chéim os a chionn is airde a bheas sé.

Beidh sioc forleathan.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ