Fuair na Gardaí luach €2 mhilliún de phlandaí cannabais agus de channabas luibhe nuair a chuardaigh siad dhá áras cónaithe i mBéal Átha na nGabhar i gCo na hIarmhí arú inné.
Is i dteachíní fáis a fuarthas cuid de na plandaí cannabais.
Deir na Gardaí go raibh "sofaisticiúlacht" áirithe ag baint le saothrú agus fás na bplandaí.
Baineann an scéal le fiosrúchán leanúnach atá ar bun ag na Gardaí maidir le díol agus soláthar drugaí i gCo na hIarmhí.
Tá scrúduithe teicniúla á ndéanamh ar an dá láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


