Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Maduro agus a bhean tógtha amach as Veiniséala'-Trump

03 EANÁIR 2026, 17:35

'Nicolas Maduro gafa ag fórsaí Mheiriceá' a deir an tUachtarán Trump
X Facebook

In agallamh le comhlacht teilifíse Fox News tráthnóna, dúirt Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump go bhfuil fórsaí armtha na Stát Aontaithe i ndiaidh Uachtarán Veiniséala,Nicolas Maduro agus a bhean chéile a ghabháil.

Dúirt Donald Trump gur tógadh an bheirt ar bord héalacaptair chuig long cogaidh leis na Stát Aontaithe agus go raibh siad á dtabhairt go Nua Eabhrac.

'Is ansin a chuirfear ar a dtriail iad ar chúiseanna drugaí agus sceimhlitheoireachta' a dúirt sé.

Donald Trump-Venezuela
Uachtarán Mheiriceá Donald Trump

Rithfidh na Stáit Aontaithe cúramaí Veiniséala go n-aistreofar an chumhacht go sábháilte chuig Rialtas nua thall ansin a dúirt an tUachtarán Trump.

Dúirt sé freisin go mbeadh baint mhór ag na Stáit Aontaithe le tionscail na hola i Veiniséala as seo amach.

Tharla sé seo i ndiaidh do na Stáit Aontaithe ionsaithe a dhéanamh thar oíche ar Veiniséala.

Bhí éigeandáil náisiúnta fógraithe ag an Uasal Maduro i ndiaidh na bpléascán a chualathas sa tír thar oíche.

Tuairiscítear go dtáinig an phríomhchathair Caracas faoi ionsaí ón aer i gcaitheamh na hoíche.

Bhí sé geallta roimhe seo ag an Uachtarán Trump go gcuirfeadh sé trúpaí Meiriceánacha isteach i Veiniséala in iarracht brú a chur ar an Uasal Maduro éirí as oifig.

Níl aon aitheantas tugtha ag Meiriceá ná cuid mhaith tíortha eile do réamas uachtaránachta Nicolas Maduro, ag maíomh gur tré chaimiléireacht a bhuaigh sé an toghchán deiridh sa tír.