Tá an bheirt bhainisteoirí ar an gclub oíche in ionad turasóireachta san Eilvéis a chuaigh trí thine maidin arú aréir curtha faoi fhiosrúchán coiriúil anois.
Ionchúisitheoirí san Eilvéis a thug an méid sin le fios tráthnóna maidir leis an tubaiste a tharla in ionad scíála Crans-Montana agus ceiliúradh na bliana nua ar siúl.
Deir na húdaráis gur dócha go dtógfaidh sé seachtainí anois an suas le 40 duine a maraíodh san ionad a aithint go foirmeálta.
Tá ceathrar díobh sin aitheanta cheana féin agus a gcoirp tugtha ar ais dá dteaghlaigh.
In aois a 16 a bhí beirt díobh sin.
Bhásaigh na daoine uilig tar éis an dóiteáin mhóir a tharla ar an mbaile seo in iardheisceart na tíre sin go moch ar maidin arú-inné.
Tá an fiosrúchán ag iarraidh a dhéanamh amach cén chaoi ar scaip an tine chomh tapa sin.
Dúirt úinéir an tí tabhairne gur chloígh an áit i gcónaí le cleachtais sábháilteachta agus gur iomaí cigireachta a bhí déanta air le 10 mbliana anuas.
Chomh maith leis an 40 duine a maraíodh sa tubaiste, daoine óga a mbunáite de réir dealraimh, gortaíodh 115 eile.
Mar bharr ar an mbuaireamh, deirtear go bhfuil roinnt den dream a gortaíodh an-dona tinn.
Níl sé ráite cé mhéad duine go baileach atá fós ar iarraidh ach thoill an teach tábhairne os cionn 300 duine, de réir foinsí ar líne.
Ionad sciála idirnáisiúnta is ea Crans-Montana agus dúirt Uachtarán na hEilvéise Guy Parmelin gur dóichí go bhfuil daoine as tíortha éagsúla i measc na marbh.
Deimhníodh ó shin go bhfuil buachaill sé bliana déag as Genova ar dhuine de na mairbh agus tá sé tugtha le fios ag Rialtas na hIodáile go bhfuil cúig dhuine dhéag ón tír sin ar iarraidh.
Deir Rialtas na Fraince go bhfuil ochtar saoránach de chuid na tíre sin ar iarraidh chomh maith.
Ní fios fós cad ba shiocair leis an dóiteán ach deir beirt a bhí san áit ag an am gur lasadh síleáil an tí nuair d'imigh spréachairí ó smacht agus gur leath an tine de luas mire ina dhiaidh sin.


