Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Damáiste choiriúil déanta do ghuaisteáin i nDamh Liag

03 EANÁIR 2026, 14:42

Gardaí ag fiosrú eachtra thromchúiseach i gCo.na Mí
X Facebook

Tá na gardaí ag fiosrú damáiste choiriúil a rinneadh do roinnt feithiclí i gContae na Mí.

Glaodh amach ar ghardaí agus na seirbhísí éigeandála nuair a cuireadh ar an eolas iad maidir le suas le 8 gcarr a bhí curtha trí thine i gcarrchlós i mbaile Dhamh Liag.

Tuairiscítear nár gortaíodh aon duine san eachtra seo a tharla díreach roimh a 11 a chlog aréir.

Tá na gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic tada dul i dteagmháil leo.

A garda car beside a row of burnt cars
Na gluaisteáin dóite amach

Cuirfear scrúdú teicniúil níos deireanaí ar an láthair seo atá le taobh na príomh-sráide ar an mbaile. .