Tá achainí déanta in athuair ag gardaí ar an bpobal a theacht chun cinn le haon eolas atá acu a chabhródh leo ina bhfiosrúchán faoi Imelda Keenan, an bhean ó chontae Laoise atá imithe gan tásc ná tuairisc le breis is 30 bliain.
Chonacthas Imelda Keenan go deiridh in Eanáir na bliana 1994, cothrom an lae seo go díreach..
22 bliain d'aois a bhí sí ag an am agus bhí cónaí uirthi i gcathair Phort Láirge.
As Móinteach Mílic i gCo.Laoise ó dhúchas di.
Bhí sí in aontíos lena buachaill i gcathair Phort Láirge.
Ar an 3 Eanáir 1994 luaigh sí leis go raibh sí ag dul go hoIfig poist sa chathair.
Chonacthas í ag tráth amháin díreach roimh a 2 a chlog gar d'Óstán an Tower agus Sráid Lombard.
Ina dhiaidh sin níl aon eolas maidir le cár imigh sí.
Deartháir léi a chuir gardaí ar an eolas an lá dár gcionn nach raibh a fhios cá raibh sí.
Ainneoin na bhfiosrúchán uilig ó ghardaí i gcaitheamh na mblianta tá Imelda Keenan fós ar iarraidh.


