Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fuacht ar an mbealach

03 EANÁIR 2026, 14:41

Fuacht ar an mbealach
X Facebook

Tá an teocht le titim sa tír ar fad sna laethanta romhainn.

Beidh baol sneachta agus leac-oighir in áiteanna.

Tá stádas buí sneachta agus leac-oighir i gceist do Chúige Chonnacht ar fad chomh maith le contaetha an Chabháin,Dhún na nGall, Mhuineachán agus an Lú.

Tiocfaidh sé i bhfeidhm ag a 6 a chlog tráthnóna agus mairfidh sé go dtí 11 a'chlog maidin amárach.

Tá rabhaidh aimsire i bhfeidhm do Thuaisceart Éireann freisin.

D'fhéadfadh cúrsaí taistil a bheith buailte go dona.