Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Roinn Gnóthaí Eachtracha ag coinneáil súil ghéar ar Veiniséala

03 EANÁIR 2026, 17:23

An tAire Helen McEntee
X Facebook

Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo go bhfuil eolas aige ar líon beag saoránach ón tír seo atá ag cur fúthu i Veiniséala.

Dúirt urlabhraí dá cuid go bhfuil sé ar fáil le cúnamh consalachta a thabhairt d'aon duine a dteastódh sin uaidh.

Tá an Roinn ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha,Helen McEntee go raibh sí ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí freisin, i dteannta le hAirí Gnóthaí Eachtracha eile san Aontas Eorpach.

Dúirt sise go gcaithfí meas a léiriú don dlí idirnáisiúnta agus do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.

'Dá réir' a dúirt sí 'caithfidh an t-aistriú cumhachta i Veiniséala a bheith síochánta agus oibrithe amach go cóir'.