Tá fear cúisithe i dtaca le bás fir eile i gContae Ros Comáin ar lá cinn bliana.
Tugadh Yevhen Shutko (46) a bhfuil seoladh aige sa chontae os comhair Chúirt Dúiche Ros Comáin ar maidin.
Tá sé cúisithe i mórdhíobháil coirp a dhéanamh do Jordon Nevin i mBealach an Doirín ar an 1 Eanáir i mbliana.
Gortaíodh an tUasal Nevin go dona de bharr na heachtra a tharla ar Shráid na Beairice go moch ar maidin Déardaoin seo caite.
Aistríodh é go Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, áit ar bhásaigh sé tráthnóna inné.
Cuireadh Yevhen Shutko siar faoi choinneáil agus tiocfaidh sé os comhair Chúirt Dúiche Bhealach an Doirín Dé hAoine seo chugainn.


