Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Triúr maraithe ar na bóithre chaon taobh den teorainn

04 EANÁIR 2026, 14:53

An timpiste i Lios na gCeann
X Facebook

Maraíodh triur inné i dtimpistí bóthair a tharla chaon taobh den teorainn.

I gContae Chiarraí maraíodh fear nuair a bhuail an carr a bhí á thiomáint aige in aghaidh crainn.

Tharla an timpiste sin ar bhóthar an L3013 i Lios na gCeann go gairid i ndiaidh a 11 a chlog.

I gContae an Longfoirt maraíodh fear sna tríochaidí i dtimpiste a tharla i Meathas Troim.

Bhí 2 charr agus veain páirteach sa timpiste sin a tharla thart ar a 7 a'chlog ar Bhóthar an N4.

Gortaíodh fear eile sna tríochaidí.

Bhain gortuithe tromchúiseacha dósan agus tá cóir leighis á cur air san ospidéal.

Ó thuaidh den teorainn i gContae Aontroma, maraíodh bhásaigh sna hochtóidí de bharr a chuid gortaithe nuair a chuaigh an carr a bhí á thiomáint aigesan ó smacht i Muileann na Buaise.

Tharla an timpiste sin thart ar 2.30 tráthnóna inné.

Tugadh an fear chuig an ospidéal ach bhásaigh sé níos deireanaí.