Tá Uachtarán Veiniséala, Nicolas Maduro á choinneáil i gcónaí in ionad coinneála i Nua Eabhrac.
Tá sé i gceist é a thabhairt os comhair cúirte i Manhattan amárach ar chúiseanna bainteach le drugaí.
Ghabh fórsaí armtha le Meiirceá an fear 63 bliain d'aois inné agus d'éirigh leo é féin agus a bhean chéile a thabhairt amach as an tír.
Is í leas-Uachtarán Veiniséala,Delcy Rodriguez a bheidh mar cheannaire eatramhach anois agus tá sin dearbhaithe ag Cúirt Uachtarach na tíre.
Tá coinneáil an Uasail Maduro i Meiriceá cáinte ag Delcy Rodriguez.
Deir Uachtarán na Stát Aontaithe,Donald Trump áfach go bhfuil sí toilteanach comhoibriú lena bhfuil á bheartú aigesan don tír.


