Tá an Taoiseach, Micheál Martin tar éis tús a chur le turas 5 lá ar an tSín.
Is í aidhm na cuairte ná an nasc trádála a mhéadú idir an 2 thír chomh maith le ceangal níos fearr a chothú idir an tSín agus an tAontas Eorpach.
Tá sé i bpríomhchathair na tíre,Beijing inniu áit a mbuailfidh sé le hUachtarán agus Príomh-Aire na tíre.
Rachaidh sé as sin go Shanghai.
Seo í an chéad chuairt ag Taoiseach ón tír seo ar an tSín ó 2012.


