Tá Stádas Buí Sneachta-Leacoighir ann i gcónaí do chontaetha i gConnacht chomh maith leis an gCabhán,Dún na nGall, Muineachán agus Lú.
Tá citheanna geimhriúla fógraithe ag Met Éireann.
Tá sioc agus leacoighir geallta chomh maith le sneachta as seo go maidin amárach.
D'fhéadfadh an teocht a bheith chomh híseal le lúide 5 in áiteanna.
Fanfaidh an foláireamh seo i bhfeidhm go dtí a 11 a'chlog maidin amárach.


