Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

24/40 den dream a maraíodh san Eilvéis aitheanta

04 EANÁIR 2026, 15:35

An t-ionad i Crans Montana
X Facebook

Tá a fhios anois cé hiad 24 den 40 duine a maraíodh ag ionad scíála san Eilvéis.

Na húdaráis atá ag fiosrú na tragóide sin a tharla i Crans-Montana go moch Lá Cinn Bliana a chuir na figiúirí ar fáil.

Léiríonn na figiúirí go dtí seo gur ó thíortha thar lear seisear den dream atá aitheanta agus go bhfuil 11 duine faoi bhun 18 bliain d'aois i gceist.

Gortaíodh breis is 100 duine de thoradh na tine a bhris amach ag an ionad.

Tá úínéirí an ionaid á gceistiú agus d'fhéadfadh sé go mbeadh cúiseanna dúnorgain á gcur ina leith.

Tá lá naisiúnta dobróin fógraithe san Eilvéis don Aoine seo chugainn.