Tá teaghlaigh ag teacht le chéile i dTuaisceart Éireann inniu agus amárach i gcuimhne ar shraith dúnmharaithe seicteacha a tharla 50 bliain ó shin um a dtaca seo.
Mharaigh dílseoirí seisear ó theaghlaigh O'Dowd agus Reavey.
I ndiaidh a 6 a chlog tráthnóna ar an lá seo chuaigh paramíleataigh dhílseacha isteach I dteach theaghlach Caitliceach Reavey i gCorr Leacht I ndeisceart Ard Mhacha agus mharaigh deartháireacha John agus Brian.
Gheobhadh deartháir eile Anthony bás óna ghortaithe ina dhiaidh sin.
Nóiméid níos moille cúig mhíle dhéag ar shiúl i mBaile Uí Dhúgáin rachadh triúr fear i mascanna ó bhuíon paramíleatach dílseach Glenanne fosta isteach I dteach chlann o'Dowd agus scaoil marbh deartháireacha Barry agus Declan agus a n-uncail Joe.
Taobh istigh de cheithre uaire is fiche mharófaí deichiúir protastúnach a bhí ar bhus beag oibre ag Kingsmill i ndeisceart Ard Mhacha.
Níor admhaigh an tIRA gur iadsan a rinne é agus níl sé soiléir an raibh an sléacht ceadaithe.
Tá teaghlaigh O'Dowd, Reavey agus Kingsmill diongbháilte leanacht lena bhfeachtas le freagraí, fírinne agus ceartas a bhaint amach.


