Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Ghraonlainn: 'an tAontas Eorpach ag seasamh leis an Danmhairg'

07 EANÁIR 2026, 11:45

Tionól na Graonlainne (Inatsisartut) sa phríomhchathair, Nuuk
X Facebook

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur "cuid den Danmhairg í an Ghraonlainn agus go seasann an tAontas Eorpach go daingean dílis leis an Danmhairg [sa mhéid sin]".

Ag trácht a bhí an Taoiseach ar a ndealraíonn sé atá ar intinn ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump maidir le stádas na Graonlainne, ar leis an Danmhairg í ach a bhfuil féinrialtas aici.

Tugadh le fios i ráiteas ón Teach Bán inné go raibh rún ag na Meiriceánaigh seilbh a ghabháil ar an nGraonlainn go breas nó go treas agus nach raibh an lámh láidir curtha as an áireamh acu.

Ag labhairt dó i Shang-hai sa tSín, dúirt an Taoiseach go raibh súil aige "go mbeadh ciall ag daoine" i dtaca leis an gceist.

Tá bunáit mhíleata ag na Stáit Aontaithe sa Ghraonlainn le fada agus ba cheart aon phlé a dhéanfaí ar stádas na críche a bhunú ar an mbunáit sin, arsa an Taoiseach.

Maidir le sláine críche na Graonlainne, a dúirt sé, sin ceist nár mhór a fhágáil faoi ríocht na Danmhairge agus faoi mhuintir na Graonlainne féin.

Thug Micheál Martin le fios freisin nár shíl sé go mbeadh sé "réadúil ná indéanta" ag na Meiriceánaigh an Ghraonlainn a cheannach.

Tá an Taoiseach ar cuairt oifigiúil ar an tSín ó thús na seachtaine agus tá sé le filleadh ar Éirinn amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ