Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Aire Talmhaíochta na hÉireann in aghaidh glacadh le Mercosur

07 EANÁIR 2026, 14:44

'Dearcadh diúltach' ag Martin Heydon ar chomhaontú Mercosur, a deir sé
X Facebook

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Talmhaíochta Martin Heydon nach bhfuil sé ag iarraidh go dtacóidh Rialtas na hÉireann le Mercosur, an comhaontú saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus tíortha Mheiriceá Theas, nuair a chaithfear vóta air sa Bhruiséil arú amárach.

Níos túisce inniu, áfach, thug an Taoiseach Micheál Martin le fios go mb'fhéidir go vótálfadh Éire i bhfabhar an chomhaontaithe, nó nach raibh sé sin curtha as an áireamh aige ar a laghad ar bith.

Mhaígh an Taoiseach go deimhin go raibh an-dul chun cinn déanta le tamall maidir le tacaíocht bhreise a thabhairt d'fheirmeoirí san Aontas Eorpach dá gcuirfí Mercosur i bhfeidhm, go háirithe feirmeoirí san earnáil mairteola.

Dúirt Martin Heydon gur comhchinneadh a dhéanfadh an Chomhaireacht, cad eile, roimh an Aoine maidir leis an vóta.

Mar sin féin, dúirt sé go neamhbhalbh gur dearcadh diúltach a bhí aige féin ar Mercosur.

Tá na Teachtaí Dála Neamhspléacha ón ngrúpa réigiúnach sa Rialtas ag cur in aghaidh an chomhaontaithe freisin.

Má ghlactar le Mercosur ar an Aoine, beidh cead ag tíortha Mheiriceá Theas suas le 99,000 tonna de mhairteoil a easpórtáil chun an Aontais Eorpaigh ar tharaif laghdaithe de 7.5%, chomh maith le 180,000 tonna d'éineoil.

In aice leis an iomaíocht bhreise, táthar imníoch faoi chaighdeán na feola a sheolfar as Meiriceá Theas.

Ní fhéadfaidh an tAontas Eorpach Mercosur a chur i bhfeidhm mura bhfaighidh an comhaontú tacaíocht ó chúig bhallstát déag ar a laghad ina gcuimsítear 65% de dhaonra an Aontais ar an gcuid is lú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ