Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

RDS lán go boimbéal le tograí eolaíochta na n-óg

07 EANÁIR 2026, 16:40

Dán an domhain i lámha leithéidí na n-eolaithe óga díograiseacha seo
X Facebook

Cuireadh tús inniu le Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta na bliana seo san RDS i mBaile Átha Cliath.

Barr ar 1,000 dalta scoile ó 212 meánscoil atá san iomaíocht i mbliana agus meastar go dtabharfaidh breis agus 40,000 duine cuairt ar an taispeántas idir seo agus an Satharn.

Is iad Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly agus comhbhunaitheoir an chomhlachta Stripe Patrick Collison a sheol go hoifigiúil an comórtas a bhfuil €7,500 sa duaischiste i mbliana.

Mar is iondúil, tá neart ábhar suimiúil agus cuidsúlach le feiceáil ann, ábhair a bhfuil go leor taighde déanta ag an aos óg orthu agus a bhfuil a gcroí curtha isteach iontu.

Cuir i gcás, is é tionchar na meán sóisialta ar mheabharshláinte dhaoine óga a d'fhiosraigh daltaí ó Choláiste Ghobnait in Inis Oírr; tithiocht in Éirinn i bhfianaise an athrú aeráide an togra ar thug daltaí ó Ghaelcholáiste Chiarraí faoi; tá bealaí aimsithe ag daltaí eile sa choláiste déanach céanna le cailíní a choinneáil i mbun spóirt; agus tá teiripe mhalartach aimsithe ag daltaí ó Choláiste Daibhéid i gCorcaigh le dul i ngleic le hinmheatróis.

Evelyn Ahern
Evelyn Ahern, Gaelcholáiste Chiarraí

D'fhiosraigh Evelyn Ahern ó Ghaelcholáiste Chiarraí peil na mban agus na cúiseanna go dtréigeann 50% de chailíní an cluiche tar éis trí bliana déag d'aois. Fuair Evelyn amach go dteastaíonn acmhainní agus tacaíochtaí ar leith ó chailíní lena gcoinneáil ag imirt an spóirt.

Robyn agus Molly
Robyn Ní Mhurchú agus Molly Ní Bhriain, Coláiste Daibhéid

Tar éis do Robyn Ní Mhurchú agus Molly Ní Bhriain mná agus cailíní a fheiceáil ag fulaingt le hinmheatróis, shocraigh an bheirt acu staidéar a dhéanamh ar bhealaí malartacha leis an bpian a laghdú, seachas dul faoi scian. Is féidir le cloichíní leighis atá forbartha acu an tinneas a mhaolú roinnt – mar chuid de réiteach ar an gcuid is lú.

Karla agus James
Karla Nic Fhlannacha agus James Ó hAodha, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr

Daltaí ó Inis Oírr i gCo na Gaillimhe, dhírigh siad ar an tionchar atá ag na meáin shoisialta ar mheabharshláinte na n-óg. Fuair siad amach go gcaitheann daoine óga i bhfad níos mó ama ar an bhfón póca ná mar a cheapann siad féin, agus go dtéann siad i muinín na meán sóisialta rómhinic nuair atá siad díomhaoin.

Ailbhe DeBlacam LaylabellaNiChleirighagusMichelle NiFhlatharta
Ailbhe De Blácam, Laylabella Ní Chléirigh agus Michelle Ní Fhlatharta ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin

D'fhiosraigh daltaí ó Choláiste Naomh Eoin in Inis Meáin na ceachtanna atá le foghlaim ó éadaí traidisiúnta Árann mar chuid den eacnamaíocht inbhuanaitheachta. Tá geansaí ag Michelle Ní Fhlatharta a chaith a huncail ar a Chéad Chomaoineach, comhartha soiléir, dar léi, ar inbhunaitheacht na n-ábhar cniotála a bhí ann fadó.

Comhartha eile ar an am atá le teacht is ea an leas a bhain beagnach an ceathrú cuid de na hiomaitheoirí as intleacht shaorga ina gcuid tionscnamh i mbliana.

Deir duine de na moltóirí, an tOllamh Joe Barry – atá bainteach leis an gcomórtas le tríocha bliain – go dtugann díograis na ndaltaí ardú meanman as an nua dó gach uile bhliain.

Dia go deo leis an aos óg!