Ghabh na Gardaí 765 duine faoi thiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí i gcaitheamh na gcúig seachtaine idir an 1 Nollaig agus an 5 Eanáir.
Ól a bhí i gceist 56% den am, drugaí an chuid eile – cannabas nó cócaon go háirithe.
Bhunaigh na Gardaí 10,000 pointe seiceála ar fud na tíre i gcaitheamh an achair sin mar chuid d'fheachtas sábháilteachta bliantúil na Nollag.
Choigistigh siad beagnach 3,000 feithicil mar gheall ar chionta éagsúla, ar bhain 60% díobh le heaspa árachais, agus thaifead siad 26,500 gluaisteán a raibh róluas fúthu.
Ina cheann sin, d'eisigh na Gardaí 1,700 fógra muirir sheasta faoi chionta a bhain le fóin agus d'eisigh siad 450 fógra muirir sheasta faoi chionta a bhain le criosanna sábhála.
Maraíodh 26 duine i dtimpistí bóthair idir an 1 Nollaig agus an 5 Eanáir agus bhí 70 timpiste thromchúiseach ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


