Tar éis bháis san Iodáil tá Guido Nasi, an fear a fágadh gan lúth na ngéag mar gheall ar ionsaí brúidiúil a rinneadh air i mBaile Átha Cliath i 1999 nuair a bhí sé seacht mbliana déag d'aois.
Bhí Guido ag déanamh cúrsa Béarla i mBaile Átha Cliath nuair a ionsaíodh é i bPáirc Fhionnradhairc i dtuaisceart na cathrach ar an 29 Iúil 1999.
Buaileadh é le buidéal sa cheann agus rinneadh an-dochar dá inchinn dá bharr.
I mí na Samhna 2001, gearradh ocht mbliana go leith príosúin ar fhear as an bPort Thoir i mBaile Átha Cliath – James Osbourne, a bhí 31 bliain d'aois ag an am – tar éis dó pléadáil ciontach san ionsaí.
Sular ghearr an Breitheamh Elizabeth Dunne pionós ar James Osbourne, mhol sí go hard misneach Guido Nasi a bhí meáite ar lántairbhe agus lántaitneamh a bhaint as an saol in ainneoin go raibh sé fágtha gan cumas urlabhra agus gan lúth na ngéag nach mór ón muineál anuas.
Ina dhiaidh sin, cé gur mhór an dúshlán aige é, bhain Guido leas as teicneolaíocht oiriúnaitheach le dírbheathaisnéis a scríobh.
Tháinig Guido ar ais go hÉirinn in 2019, tráth a thug sé féin agus a mháthair Simonetta cuairt ar Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins in Áras an Uachtaráin.
Fuair Guido Nasi bás san ospidéal ina chathair dhúchais, Torino, in iarthuaisceart na hIodáile inné. Bhí sé 43 bliain d'aois.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


