Tugadh bean 46 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus í cúisithe i gcúnamh a thabhairt dúnmharú fir a bheartú.
Sin í Ciara Nolan, a bhfuil seoladh baile aici in Birmingham i Sasana ach arb as Baile Átha Cliath í ó dhúchas.
Baineann an cás le dúnmharú Jamie Tighe Ennis i mBaile Átha Cliath beagán le cois ocht mbliana ó shin.
Eiseachadadh as Sasana Ciara Nolan tráthnóna inné agus ghabh na Gardaí í ar an bpointe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Tugadh le fios sa chúirt inniu nach ndúirt sí aon ní nuair a chúisigh na Gardaí í go gairid ina dhiaidh sin.
Lámhachadh agus maraíodh Jamie Tighe Ennis, a bhí 24 bliain d'aois, agus é ag labhairt le cairde leis ar Ascaill Radharc an Mhóta sa Chúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar an 28 Deireadh Fómhair 2017.
Ba as Darndál é ó dhúchas ach bhí sé ina chónaí in Ard Aidhin ag an am.
Bhí sé ag siúl abhaile ó theach tábhairne áitiúil nuair a lámhachadh é dhá uair sa cheann.
Creidtear go raibh baint ag an marú leis an aighneas idir dhronga coireachta Hutch agus Kinahan.
Cuireadh Ciara Nolan siar faoi choinneáil agus tiocfaidh sí os comhair cúirte arís Dé Céadaoin seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


