Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cruinniú faoi íomhánna graosta iarrtha ar X ag Aire Stáit

08 EANÁIR 2026, 15:55

Niamh Smyth: 'dlíthe na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh araon sáraithe'
X Facebook

Tá sé ráite ag an Aire Stáit Niamh Smyth go bhfuil dlíthe na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh araon sáraithe ag na daoine atá freagrach as íomhánna ar líne de mhí-úsáid leanaí atá cruthaithe ag Intleacht Shaorga.

Tá íomhánna mar iad á gcruthú ag aip faoi leith de chuid an bhota comhrá Grok, ar leis an meán sóisialta X é.

Is ar Niamh Smyth atá an cúram mar Aire Stáit maidir le hIntleacht Shaorga in Éirinn.

Tá cruinniú iarrtha aici ar X, a dúirt sí, le súil an scéal a phlé agus deireadh a chur leis an gcleachtas.

Is cuma cé acu fíoríomhánna nó íomhánna ríomhchruthaithe atá i gceist, arsa sí, is cion coiriúil é iad a dháileadh ar ardáin ar líne.

Ag labhairt di ar RTÉ inniu, dúirt Niamh Smyth go bhfuil sí cinnte go bhfuil Coimisiún na Meán ag comhlíonadh a ndualgais agus go bhfuil siad ag obair leis an gCoimisiún Eorpach, agus le Grok chomh maith, d'fhonn an fhadhb a réiteach.

Thug sí le fios go mbeadh cruinniú aici leis an Taoiseach Micheál Martin as seo go ceann cúpla lá leis an scéal a phlé.

Dúirt an Taoiseach inné gur chuir an scéal alltacht air.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ