Fuarthas dhá chorp, fear sna daichidí agus buachaill aon bhliain déag, in dhá áit éagsúla in iarthar Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu.
Tuigtear gur athair agus mac a bhí sa bheirt.
Is i dteach cónaithe i nGort na Silíní i mBaile Formaid a fuarthas corp an fhir ag thart ar 8.30 agus fuarthas corp an bhuachalla i dteach i mBánóg i gCluain Dolcáin go gairid ina dhiaidh sin.
Táthar den bharúil faoi láthair gur maraíodh an buachaill agus gur chuir an fear lámh ina bhás féin ina dhiaidh sin.
Deir na Gardaí, áfach, nach ndeimhneofar sin nó go ndéanfar scrúduithe iarbháis ar na coirp agus tá fios curtha acu ar an bPaiteolaí Stáit.
Tá an dá theach caomhnaithe ag na Gardaí freisin agus tá scrúduithe dlí-eolaíochta le déanamh orthu níos deireanaí.
Tuairiscítear go raibh an t-athair agus an mac ar iarraidh ar feadh scaithimh anuraidh ach go bhfuarthas slán sábháilte iad tar éis tamaill.
I ráiteas ón nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Tusla, dúradh nach raibh an buachaill faoi chúram an Stáit ach go raibh baint ag an ngníomhaireacht leis an teaghlach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


