Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Míol mór a chonacthas i nDún na Gall feicthe arís i Meiriceá

08 EANÁIR 2026, 18:49

Míolta móra an oighir (Eubalaena glacialis) amach ó chósta New Brunswick, Ceanada
X Facebook

Ceann de na míolta móra is neamhchoitianta ar domhan a chonacthas amach ó chósta Dhún na nGall in 2024, tá sé nó sí feicthe arís – ar an taobh thall den Aigéan Atlantach Thuaidh an uair seo, i mBá Massachusetts.

Ceartmhíol mór an tuaiscirt (Eubalaena glacialis) atá i gceist, nó míol mór an oighir mar a thugtar air freisin.

Chonacthas an míol mór a chéaduair i ngar do Shliabh Liag ar an 15 Iúil 2024 agus tá sé deimhnithe anois go bhfacthas arís é amach ó Bhostún ar an 19 Samhain anuraidh.

Fágann sin go ndearna an míol mór aistear 3,000 míle, ina gheábhanna is dóichí, ó Dhún na nGall siar – rud a chuireann aoibhneas agus iontas ar eolaithe.

Dúirt an Dr Daniel Palacios ó Ionad Léinn Chósta na Stát Aontaithe go léiríonn an scéal gur ainmhí láidir atá i gceartmhíol mór an tuaiscirt agus dúirt freisin gur furasta aimhnithe atá i mbaol a chaomhnú nuair atá a fhios cé na háiteanna a thaithíonn siad.

Is cinnte gur i mbaol atá ceartmhíol mór an tuaiscirt, arae níl ach thart ar 380 acu fanta.

Níor taifeadadh ceartmhíol mór an tuaiscirt in uiscí na hÉireann riamh roimh 2024.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ