Cuirfear scrúdú iarbháis ar chorp athar agus a mhic inniu, beirt a chreidtear a bhásaigh in eachtra dúnmharaithe agus féinmharaithe i mBaile Atha Cliath inné.
Thángthas ar chorp Oisín O'Reilly, 12 bhliain d'aois agus ar chorp a athar Wayne O'Reilly, 48 mbliana d'aois i ndá theach ar leith i gCluain Dolcáin agus i mBaile Formaid maidin inné.
Tháinig an eachtra chun solais nuair a cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála chuig teach i mBaile Formaid. Ansin a fuarthas corp Wayne O'Reilly sa chúlgháirdín agus gortuithe air a cheaptar a rinne sé air féin.
Ina dhiaidh sin a rinneadh cuardach ag teach i gCluain Dolcáin a raibh baint ag Wayne O'Reilly leis, agus is ann a thánthas ar chorp Oisín.
Cé go measann Gardaí gur de bharr fhoréigin a bhásaigh Oisín agus gur chuir a athair é féin den saol ina dhiaidh sin, deir siad gurb é torthaí na scúduithe iarbháis a chinnfidh treoir an fhiosrúcháín.
Tugadh na coirp as na tithe ina bhfuarthas. Nuair a bhí corp Oisín á chur san otharcharr, rinne daoine a raibh aithne acu air garda onóra dó agus é á thabhairt chuig an ospidéal.
Tá sé dearbhaithe ag Tusla go raibh aithne ag an áisínteacht ar Oisín O'Reilly, ach nach raibh sé faoi chúram an Stáit. Chuaigh Wayne agus Oisín ar iarraidh mí Dheireadh Fómhair seo caite ach thángthas orthu dhá lá ina dhiaidh sin. Bhí na Gardaí curtha ar an eolas faoin eachtra.
Beidh ceisteanna ann do Tusla maidir le haon chaidreamh a bhí acu le muintir O'Reilly tar éis dóibh dul ar iarraidh mí Mheán Fómhair.
Deir Tusla gur tragóid é bás pháiste agus go rabhthas ag smaoineamh ar an teaghlach, ar a raibh aithne acu air agus ar an bpobal áitiúil 'ag an am crua seo'.
Deir an Roinn Oideachais go raibh meithleacha ó NEPS, na seirbhísí Náisiúnta Siceolaíochta Oideachais ar an láthair inné ag tabhairt tacaíochta don bhfoireann agus do phobal na scoile ina raibh Oisín ina dhalta i rang a cúig. Leanfar den obair sin arís inniu.


