Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Sorcú trádála Mercosur faofa ag an Aontas Eorpach

09 EANÁIR 2026, 20:33

X Facebook

Tá an socrú trádála Mercosur faofa ag ambasadóirí an Aontais Eorpaigh.

Bhí Éire, an Fhrainc, An Pholainn, An Ostáir, agus an Ungáir in aghaidh an tsocraithe agus níor chaith an Bheilg vóta. Vótáil gach ballstát eile, an Iodáil san áireamh ar a shon.

Bhí go dtí 4 a chlog tráthnóna, am na hÉireann ag rialtaisí ar fud an Aontais a gcuid vótaí a chur i scríbhinn.

Seo é an socrú trádála is mó atá curtha i gcrích ag an AE, ach beidh faomhadh Phairlimint na hEorpa ag teastáil sular féidir é a chur i bhfeidhm.

Tuigtear go bhfuil díomá ar an Aontas Eorpach faoi nach mbeidh an Rialtas ag vótáil ar son an tsocraithe, ó tharla go bhfuil geilleagar na hÉireann ag brath an oiread sin ar easportálacha.

Dúirt Barry Ward inniu, TD Fhine Gael i nDún Laoghaire, gur 'seasamh ionraic' é seo ag Éirinn bunaithe ar chosaint ar thomhaltóirí agus ar shábáilteacht an bhia, ach go bhféadfadh sé go n-íocfaidh Éire as an seasamh seo trí chreimeadh a dhéanamh ar thionchar an Stáit ar imeachtaí an aontais.

Tá imní ar fheirmeoirí in Éirinn agus i roinnt ballstát eile faoin gcomhaontú mar go dtabharfaidh sé cead do tháirgeoirí i Meiriceá Theas mairteoil agus éineoil a easpórtáil chun an Aontais Eorpaigh ar tharaifí laghdaithe.

Chomh maith leis an iomaíocht bhreise, táthar imníoch faoi chaighdeán na feola a sheolfar as Meiriceá Theas.

Bhí ballstáit an Aontais Eorpaigh le vóta a chaitheamh ar Mercosur an mhí seo caite ach cuireadh siar an vóta le go ndéanfaí tuilleadh margála ar roinnt de mhionsonraí an tsocraithe.