Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Mercosur: Céard atá ann, cé atá ar a shon agus ina aghaidh

09 EANÁIR 2026, 20:32

X Facebook

Céard é socrú AE-Mercosur?

Seo hé an socrú trádála is mó atá tionscnaithe riamh ag an Aontas Eorpach, agus is buíon tiortha i Meiriceá Theas iad na comhbhaill de Mercosur. Tá cúig thíor ina lánbhaill den bhloc, sin iad An Airgintín, An Bhreasíl, Paragua, Uragua agus an Bholaiv. Tá seacht dtír eile sa réigiún eile ina leasbhaill.

Céard é an bunphrionsabail an tsocraithe?

Féachann an socrú trádála leis na dleachta a chuir an AE agus tíortha Mhercosur ar tháirgí a chéile a laghdú thar thréimse áirithe.

Bainfidh tíortha Mhercosur dleachta ar 91% d'easpórtálacha an AE thar tréimhse 15 bhliana. Tá na dleachta sin ag 35% faoi láthair

Glanfaidh an AE dleachta de réir a chéíle ar 92% d'easpórtálacha ó thíortha Mhercosur thar 10 mbliana.

Glanfaidh Mercosur dleachta ó tháirgí talmhaíochta an AE freisin. Tá dleacht 27% ar fhíonta faoi láthair agus tá 35% ar bhiotáille.

I gcás roinnt táirgí feirme, beidh cuóta níos flaithiúla i gceist: mar shampla 90,000 tonne breise mairteola chuig an AE, 30,000 cáise breise chuig Mercosur saor ó dhleacht.

Beidh córas cuóta AE ann freisin do mhuiceoil, eánlaith, siúicre, éatanól, rís, mil, grán buí agus arbhar milis.

Is ionann na hiompórtálacha breise agus 1.6% den mhairteoil a cheannaítear san AE, agus 1.4% i gcás na héanlaithe.

Cuireann an socrú san áireamh cosaint ar leith do na táirgí san AE a bhaineann go sonrach le ceantair ar leith, mar sin sanntar 'Parmigiano Reggiano' fós le cáiseanna ar leith as an Iodáil amháin.

Céard a deir lucht molta an tsocraithe:

Deir an Coimisiún Eorpach agus leithéidí na Gearmáine agus na Spáinne go dtugann an socrú rogha eile don Eoraip seachas trádáil leis an tSín amháin, go háirithe i gcás mhianraí sainiúla ar nós litiam.

Ní bheidh aon cháin á ghearradh ar easpórtáil na n-ábhar seo.

Deir lucht molta an tsocraithe freisin go bhfuil faoiseamh ann ó na tairifí a ghear an tUachtarán Trump i mbliana.

Deir an Coimisiún go nglanann an socrú saorthrádála seo an líon is ó tairifí agus dleachta riamh, €4bn sa mbliain, agus gur cuid riachtanach den chúrsa a chaithfidh an AE a leanúint chun a gceangail trádála a leathanú amach.

Deir an Coimisiún freisin go mbeidh buntáiste do chomhlachtaí an AE anois mar go mbeidh cead acu sin tairiscintí a dhéanamh ar chonarthaí poiblí i Mercosur, rud atá á cheadú den chéad uair agus dá bhrí sin a thugann buntáiste don AE thar bhlocanna eile trádála.

Céard a deir lucht cáinte an tsocraithe?

Ba iad feirmeoirí an AE ba ghlórmhaire a chuir in aghaidh an tsocraithe seo. Deir feirmeoirí go dtiocfaidh earraí saora agus ábhábhair shaora anall as Meiriceá Theas, mairteoil go háirithe, nach bhfuil de réir chaighdeáin bhia agus chomhshaoil an AE.

Ach deir an Coimisiún Eorpach nach mbeidh aon mhaolú ar chaighdeáin an AE. Tá geallúintí sa socrú a bhaineann leis an timpeallacht, ar a áirítear a thuilleadh dífhoraoisithe.

Ach deir lucht na timpeallachta nach bhfuil aon bheartas fheidhmithe san áireamh ann. 'Scrios Aeráide' a thug Friends of the Earth ar an socrú, á rá go dtiocfadh a thuilleadh dífhoraoisithe as an méadú a thiocfaidh ar tháirgeadh earraí talmhaíochta ar fud Mheiriceá Theas.