Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

9% d'ardú ar phaisinéirí Aerfort na Sionainne anuraidh

12 EANÁIR 2026, 16:20

D'fhreastail Aerfort na Sionainne ar an líon is airde paisinéirí anuraidh ó 2009.
X Facebook

Bhain 2.3 milliún paisinéir leas as Aerfort na Sionainne i 2025, an líon is airde le 16 bliain, agus 9% de mhéadú ar líon na bliana 2024, a bhuíochas do shlite nua agus seirbhísí breise.

Lonnaigh Ryanair soithíoch sa mbreis sa tSionainn, maoiniú €100milliún sa mbreis ar an infheistíocht atá déanta acu sa réigiún, agus chuir siad eitiltí nua ar fáil chuig leithéid Madeira, Madrid agus an Laplainn.

Threisigh Ryanair chomh maith minicíocht a gcuid seirbhísí chuig 10 n-aerfort eile.

Deir príomhaerfort an Iarthair go mbeidh siad ag triall ar 40 ceann scríbe i mbliana ar fud na hEorpa, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe.

Tá 5 shlí nua fógartha a bheidh ag tosnú le sceideal an tsamhraidh - an Róimh, Madrid, Poznan agus Vársá le Ryanair - agus Frankfurt le Discover Airlines, fochuideachta de Ghrúpa Lufthansa.

Méadóifdh an mhinicíocht freisin ar shlite atá ann cheana, fearacht eitiltí Aer Lingus go Bostún.

People gather in the departures area of Shannon Airport

Tá plean fógartha freisin do luach €40milliún de mhaoiniú ar thograí ar nós uasghrádú iomlán ar na hallaí imirce agus bagáiste, uasghrádú ar na bealaí innealta agus clúdach nua teirmeach ar na ballaí seachtrach ar an halla-isteach san gcríochfort, beart riachtanach go mbeidh an t-aerfort in ann a gcuid spriocanna fuinnimh a bhaint amach.

Déanadh gabháil chun cinn anuraidh ó thaobh na inbhuanaitheachta freisin, agus limistéar painéil gréine feistithe ag an aerfort le 20% den leictreachas a bhíonn ón áit a ghineadh.

Cruthaíodh 1,000 spás nua anuraidh i gcarrchlóis an aerfoirt, rud a fhágann 5,600 spás ar fad anois ann, agus páirceáladh os cionn 200,000 carr anuraidh sa tSionainn.

I dteannta an 2.3 milliún sa tSionainn le 12 mí anuas, bhain 950,000 paisinéir leas as Aerfort Chnoc Mhuire anuraidh, ach mar léiriú ar fhorlámhas chósta thoir na tíre, thaisteal 35 milliún paisinéir thré Aerfort Átha Cliath i 2025.