Léiríonn figiúirí nua go raibh 86,300 othar sa mbreis ar liostaí feithimh ospidéil na tíre i 2025.
Ag deireadh mhí na Nollag bhí 894,369 othar ag feithimh go bhfeicfí iad ag clinic othar seachtrach nó go bhfaighfeadh siad obráid.
808,061 duine a bhí ag feithimh deireadh 2024, de réir an eolais is nuaichte ón gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála.
Sin 10.7% d'ardú le 12 mí anuas.
Faoi láthair tá 107,181 othar ag feithimh go náisiúnta le coinne lae nó le obráid othair cónaitheach.
As an líon sin tá 7,540 duine fásta agus 510 páiste ag feithimh le 18 mí nó tuilleadh, sárú suntasach ar an sprioc atá socraithe ag Sláintecare.
Faoin bpolasaí sin atá i bhfeidhm ó 2017 níor chóir go mbeadh othar ag feithimh níos mó ná 10 seachtainí ar choinne othar seachtrach, ná níos mó ná 12 seachtainí ar choinne othar cónaitheach nó obráid lae.
Tá méadú tagtha ar an líon ag fanacht i ngach réimse - othair lae, othair cónaitheach, coinní seachtrach agus daoine ag feithimh ar scrúdú gastraistéigeach.
Gaillimh, Beaumont agus Tamhlacht
I measc na n-ospidéal is measa ó thaobh liostaí feithimh tá Ospidéal na hOllscoile Gaillimh ina bhfuil 12,600 ag feithimh; Ospidéal Beaumont ina bhfuil breis is 11,000 ag feithimh; agus Ospidéal an Mater ina bhfuil 10,350 ag feithimh.
I gcás oftailmeolaíocht tá 3,193 duine ag feithimh ar fhreastal ón Mater.
Ó thaobh seirbhísí ortaipéidice tá 2,423 ar an liosta in Ospidéal na hOllscoile Tamhlacht.
Tá 2,644 othar ag fanacht le cúram máinliacht phlaisteach i mBeaumont agus 2,292 ag feithimh ar fhaoiseamh ó phian san Otharlann Ollscoile Theas i gCorcaigh.
Mar fhreagra ar an líon ollmhór daoine atá ag feithimh tá an Roinn Sláinte tar éis a rá gur "fearr an tomhais ar chumas na seirbhíse sláinte" é an t-achar ama atá daoine ag feithimh seachas an líon daoine atá fós ag fanacht.


